Lorg Carbóin
Lorg Carbóin
Bíonn tionchar ag an mbealach a mhaireann muid ó lá go lá ar an timpeallacht. Is féidir an tionchar atá ag duine ar théamh domhanda a thomhas mar lorg carbóin. Is é seo an méid dé-ocsaíde carbóin a scaoiltear isteach san atmaisféar mar gheall ar ár nósanna maireachtála. Déantar do lorg carbóin a thomhas mar thonnaí sa bhliain. Ar an meán, tá lorg carbóin 12 thonna ag duine in Éirinn, trí oiread níos mó ná an meán domhanda.
Cén chaoi ar féidir linn ár lorg carbóin a laghdú?
Seo a leanas liosta de rudaí simplí is féidir linn a dhéanamh chun ár lorg carbóin a laghdú:
- Cas as gléasanna leictreacha nach bhfuil in úsáid. Tá an teilifís ar cheann de na gléasanna leictreacha is mó a chuireann le lorg carbóin.
- Cas síos an teas lárnach céim nó dhó. Is féidir billí teasa a laghdú ar 8% ach an teas lárnach a laghdú ar chéim amháin .
- Cuir lód iomlán sa mhiasniteoir agus sa mheaisín níocháin. Sábhálfaidh sé seo uisce, leictreachas agus púdar níocháin.
- Déan turas siopadóireachta amháin sa tseachtain.
- Úsáid bolgáin solais atá tíosach ar fhuinneamh.
- Insligh na ballaí, an t-áiléar agus an t-umar uisce the.
- Téigh ar obair nó ar scoil in aon charr le daoine eile.
- Taistil sa bhus nó sa traein in áit sa charr.
Uair an Chloig ar son an Domhain 2011
8.30in Dé Sathairn 26ú Márta 2011. Déanann Uair an Chloig ar son an Domhain ceiliúradh ar thiomantas daoine chun feabhas a chur ar an Domhan. Gach bliain, ar feadh uair an chloig, tagann saoránaigh an Domhain le chéile chun cumhacht leictreach a chasadh as. Déantar an gníomh simplí chun aird a tharraingt ar an méid cumhachta a úsáideann muid agus chun maoirseacht ar ár lorg carbóin a spreagadh. Cuireadh tús le hUair an Chloig ar son an Domhain in 2007 i gcathair Sydney. Chas 2.2 milliún teaghlach a gcuid soilse as. Spreag an gníomh seo daoine eile agus anois bíonn daoine i gcathracha ar fud an domhain ag glacadh páirte in Uair an Chloig ar son an Domhain.
Taighde
Déan taighde ar an idirlíon agus i leabhair ar na bealaí is féidir linn ár lorg carbóin a laghdú.
Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil
Bíonn tionchar ag an mbealach a láimhseáiltear dramhaíl ar an timpeallacht. Caithfidh an timpeallacht – aer, uisce, talamh agus plandaí – a bheith sláintiúil ionas go mbeidh muidne sláintiúil. Tá sé tábhachtach bainistíocht cheart a dhéanamh ar dhramhaíl.
Is féidir bainistiú a dhéanamh ar dhramhaíl trí laghdú, athúsáid agus athchúrsáil. Tá sé tábhachtach an trí ghníomh shimplí seo a dhéanamh ionas go mbeidh muid in ann maireachtáil i dtimpeallacht shláintiúil.
Laghdú
Dá lú an méid dramhaíola a chruthaíonn muid is amhlaidh is fearr dár dtimpeallacht. Mar shaoránaigh fhreagracha caithfidh muid an méid dramhaíola a thairgeann muid a laghdú. Chun dramhaíl a laghdú is féidir:
- Gan táirgí leis an iomarca pacáistithe a cheannach
- Málaí in-athúsáidte a thabhairt leat agus tú ag siopadóireacht.
- Torthaí agus glasraí nach bhfuil réamhphacáilte a cheannach.
- Do lón a chur i mbosca lóin seachas é a chlúdach le plaisteach, le scragall alúmanaim nó le scannán cumhdaithe.
- Gan rudaí a cheannach nach féidir a athchúrsáil nó gan rudaí a cheannach a thagann i bpacáistiú nach féidir a athchúrsáil.
Athúsáid
Is é an bealach is fearr chun athchúrsáil a dhéanamh ná athúsáid a bhaint as rudaí. Is féidir go leor táirgí a úsáid go minic sula gcaitear amach iad. Mar sin sula gcaitheann tú rudaí amach, smaoinigh ar dtús an féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu? Seo a leanas noda chun athúsáid a bhaint as rudaí:
- Athúsáid clúdaigh litreacha tríd an seoladh a chlúdach agus seoladh nua a chur ar a bharr.
- Cuir rudaí nach bhfuil in úsáid timpeall an tí, bréagáin agus éadaí mar shampla, chuig siopaí carthanais. Tabharfaidh siad na rudaí do dhaoine a bhainfidh úsáid astu arís.
- Nuair atá tú réidh lé crúscaí agus le potaí, is féidir iad a athúsáid chun bia a stóráil iontu arís.
- Ceannaigh ceallraí in-athluchtaithe mar gur féidir iad a athúsáid go minic.
Athchúrsáil
Is lú fuinneamh a chaitear ar tháirge a athchúrsáil ná ceann nua a dhéanamh. Nuair a úsáidtear níos lú d’acmhainní an domhain ní dhéantar an oiread céanna dochair dó.
- Bain úsáid as an ionad áitiúil athchúrsála. Is féidir gloiní, cannaí stáin, earraí leictreacha, plaisteach agus éadaí a thabhairt chuig na hionaid seo.
- Déan an dramhaíl a scagadh sa bhaile ina dramhaíl ghinearálta agus athchúrsála.
Fíricí suimiúla faoin athchúrsáil
- Páipéar agus cairtchlár a bhíonn in 23.7 % den bhruscar sa bhaile.
- Le gach tonna de pháipéar athchúrsáilte, is féidir 17 gcrann a shábháil chomh maith le 380 galún ola, trí shlat chiúbacha de spás i láithreán líonta talún, 4,000 kw fuinnimh agus 7,000 galún uisce.
- Trí athchúrsáil a dhéanamh ar alúmanam, sábháiltear 95 % den fhuinneamh a thógann sé le halúmanam a fháil mar amhábhar.
- Nuair a dhéantar canna amháin a athchúrsáil sábháiltear dóthain fuinnimh le teilifís a choinneáil ar obair ar feadh trí huaire an chloig.
- Is féidir cruach a athchúrsáil go brách gan aon ísliú caighdeáin.
- Tá tomhaltas plaistigh ag méadú 4% sa bhliain in iarthar na hEorpa.
Gluais
- Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil – Reduce, Reuse, Recycle
- Dramhaíl – waste
- Saoránaigh – citizens
- In-athúsáidte – renewable
- Scragall alúmanaim – aluminium foil
- Scannán cumhdaithe – cling film
- siopaí carthanais – charity shop
- ceallraí in-athluchtaithe – rechargable batteries
- ionad athchúrsála – recycling centre
- lorg carbóin – carbon footprint
- téamh domhanda – global warming
- meán domhanda – world average
- gléasanna leictreacha – electrical appliances
- tíosach ar fhuinneamh– energy saving
- Uair an Chloig ar son an Domhain 2011– World Earth Hour 2011
- tiomantas – commitment
- cumhacht – power