Bíonn tionchar ag an mbealach a láimhsítear dramhaíl ar an timpeallacht. Caithfidh an timpeallacht, an t-aer, uisce, talamh agus plandaí, a bheith sláintiúil ionas go mbeidh muid féin sláintiúil. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh muid bainistíocht cheart ar dhramhaíl.
Is féidir bainistiú a dhéanamh ar dhramhaíl trí Laghdú, Athúsáid agus Athchúrsáil. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh muid cleachtadh ar na trí ghníomh shimplí sin ionas go mbeidh muid in ann maireachtáil i dtimpeallacht shláintiúil.
Laghdú
Dá laghad dramhaíle a chruthaíonn muid is fearr dár dtimpeallacht é. Mar shaoránaigh freagracha, caithfidh muid an méid dramhaíle a tháirgeann muid a laghdú. Chun dramhaíl a laghdú:
- Ná ceannaigh táirgí le hiomarca pacáistiú
- Nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht, tabhair leat málaí ath-inúsáidte.
- Ceannaigh torthaí agus glasraí atá scaoilte, in áit torthaí atá réamhphacáilte.
- Gearr siar ar dhramhaíl ó do lón trí bhosca lóin a úsáid in áit a bheith ag cur clúdach plaisteach, scragall alúmanaim agus scannán cumhdaithe ar do lón.
- Ná ceannaigh rudaí nach féidir a athchúrsáil agus ná ceannaigh rudaí a thagann i bpacáistiú nach féidir a athchúrsáil.
Athúsáid
Is é an bealach is fearr chun athchúrsáil a dhéanamh ná athúsáid a dhéanamh. Is féidir go leor táirgí a úsáid go minic sula gcaitear amach iad. Mar sin, sula gcaitheann tú amach rudaí smaoinigh ar dtús an féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu? Seo leanas noda chun nithe a athúsáid:
- Athúsáid clúdaigh litreach tríd an seoladh a chlúdach agus seoladh nua a chur orthu.
- Cuir rudaí nach bhfuil in úsáid timpeall an tí, cosúil le bréagáin agus éadach, chuig siopaí carthanais. Tabharfaidh siad na rudaí do dhaoine a bhainfidh úsáid astu arís.
- Nuair a bhíonn tú réidh lé crúscaí agus potaí is féidir iad a athúsáid chun bia a stóráil iontu arís.
- Ceannaigh ceallraí in-athluchtaithe mar gur féidir iad a athúsáid go minic.
Athchúrsáil
Tógann sé níos lú fuinnimh táirge a athchúrsáil ná mar a thógann sé ceann nua a dhéanamh. Nuair a úsáidtear níos lú d’acmhainní an domhain ní dhéantar an oiread dochair don domhan.
- Bain úsáid as an ionad athchúrsála áitiúil. Is féidir gloiní, cannaí miotail, earraí leictreach, plaisteach agus éadach a thabhairt chuig na hionaid seo.
- Déan an dramhaíl sa bhaile a scagadh ina dhramhaíl ghinearálta agus athchúrsála.
Fíricí suimiúla faoin athchúrsáil
- Páipéar agus cairtchlár is ea suas le 23.7 % den bhosca bruscair sa bhaile.
- Is féidir le gach tonna de pháipéar athchúrsáilte 17 gcrann a shábháil, 380 galún ola, trí shlat chiúbacha de spás líonta talún, 4,000 kw fuinnimh agus 7,000 galún uisce a shábháil.
- Trí athchúrsáil a dhéanamh ar alúmanaim, sábháileann sé 95 % den fhuinneamh a thógann sé alúmanaim a dhéanamh as amhábhar.
- Nuair a dhéantar canna amháin a athchúrsáil déantar caomhnaítear dóthain fuinneamh chun teilifís a choinneáil ar siúl ar feadh trí huaire.
- Is féidir cruach a athchursáilte go brách gan aon chaighdeán a chailleadh.
- Tá tomhaltas plaisteach ag méadú 4% sa bhliain in Iarthar na hEorpa.
Gluais
Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil– Reduce, Reuse, Recycle
Dramhaíl – waste
Saoránaigh – citizens
Áth-inúsáidte – renewable
scragall alúmanaim – aluminium foil
scannán cumhdaithe – cling film
siopaí carthanais – charity shops
ceallraí in-athluchtaithe – re-chargable batteries
ionad athchúrsála – recycling centre