Foinsí ailtéarnacha fuinnimh
Tagann an chuid is mó d’fhuinneamh ó bhreoslaí iontaise. Samplaí de bhreoslaí iontaise is ea gual agus móin. Scaoileann na foinsí fuinnimh seo cuid mhór gás ceaptha teasa isteach san atmaisféar. Tá foinsí eile fuinnimh ann atá in-athnuaite agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Níl na héifeachtaí céanna truaillithe ag baint leis na foinsí in-athnuaite a leanas.

Cumhacht Hidrileictreach
Tá cumhacht uisce in ann a bheith fíorchumhachtach. Is féidir le huisce ó thonnta na farraige agus ó dhambaí tuirbín a chasadh agus leictreachas a ghiniúint.
Cumhacht Ghaoithe
Tá ardmheas ag comhshaolaithe ar chumhacht ghaoithe. Cuirtear gaoth trí thuirbíní móra agus déantar leictreachas a ghiniúint. Soláthraíonn feirmeacha gaoithe leictreachas do theaghlaigh agus do ghnónna.
Cumhacht na Gréine
Baintear úsáid as fuinneamh na gréine chun leictreachas a ghiniúint. Tá sé ar cheann de na foinsí fuinnimh in-athnuaite is mó atá in úsáid. Tá painéil ghréine ag éirí níos éifeachtaí i gcónaí agus is féidir úsáid a bhaint astu i níos mó áiteanna ná riamh.
Fuinneamh Geoiteirmeach
Tagann fuinneamh geoiteirmeach ón taobh istigh den Domhan. Is féidir an teas seo a cheapadh mar ghal nó mar uisce te. Úsáidtear an teas seo chun foirgnimh a théamh nó leictreachas a ghiniúint. Is foinse fuinnimh in-athnuaite é mar go mbíonn teas á tháirgeadh taobh istigh den Domhan. Déantar fuinneamh geoiteirmeach i gcroí an Domhain
Prótacal Kyoto
Rinneadh idirbheartú ar Phrótacal Kyoto i mí na Nollag 1997. Is éard atá i bPrótacal Kyoto comhaontú idir tíortha chun laghdú a dhéanamh ar an méid gás ceaptha teasa a tháirgeann siad. Deirtear sa Phrótacal go gcaithfidh tíortha an domhain glacadh le freagracht as gáis cheaptha teasa a laghdú. Tá an Prótacal faofa ag an chuid is mó de thíortha an domhain. Caithfidh na Stáit Aontaithe é a fhaomhadh go fóill. D’fhaomh Éire Prótacal Kyoto in 2002. Tá tíortha ag déanamh iarrachta gáis cheaptha teasa a laghdú ar dhóigheanna éagsúla: úsáid breoslaí iontaise a laghdú, bealaí ailtéarnacha chun fuinneamh a tháirgeadh a úsáid, crainn a chur ar fud an domhain chun an t-aer a choinnéail glan ar gháis cheaptha teasa.
Cruinniú Mullaigh na Cruinne i gCóbanhávan
I mí na Nollag 2009 tháinig ceannairí as gach cearn den domhan le chéile chun cúrsaí athrú aeráide a phlé i gCóbanhávan sa Danmhairg. Tar éis go leor plé, rinne siad dréacht de Chomhaontú Chóbanhaván. Aithnítear sa doiciméad seo gur fadhb leanúnach é athrú aeráide agus go gcaithfear iarracht a dhéanamh teochtaí a choinnéal faoi 2 chéim.