Athrú aeráide agus maoirseacht

OSSP – Athrú aeráide agus maoirseacht

Is é an domhan forbartha ceann de na truaillitheoirí is mó a dhéanann dochar don atmaisféar. Chomh maith le dochar a dhéanamh don atmaisfeár, déanann sé dochar do dhaoine le triomach, tuillte agus spéirlingí. Gach gníomh a thógann muid bíonn tionchar aige ar an atmaisfeár, mar sin tá ár maoirseacht tábhachtach. Tá na fadhbanna domhanda. I measc na bhfadhbanna tá ídiú an chisil ózóin, téamh domhanda, baisteach aigéadach, dífhoraisiú, truailliú núicléach agus dainseár a dhéanamh den fhiadhúlra.

Téamh domhanda

Nuair a dhóitear breoslaí iontaise tairgíonn siad aonocsaíd charbóin. Cruthaíonn aonocsaíd charbóin, gás meatáin agus clórafluaracarbóin CFCanna, a dtugtar gás cheaptha teasa air. Tarlaíonn téamh domhanda nuair a sháinnítear gathanna na gréine i sna gáis seo ionas nach féidir leo dul trí atmaisféar an domhain. Cruthaíonn an téamh domhanda sin athrú aeráide. Leánn na oighearchaidhp nuair ardaíonn teocht an domhain. Is é an tionchar a bhíonn aige seo ná ardú a chur ar leibhéal na farraige agus tarlaíonn tuilte dá bharr sin.

Baisteach aigéadach

Toradh eile a bhíonn ar dhó breosla iontaise is ea baisteach aigéadach. Meascán aigéid a tháirgíonn stáisiúin chumhachta, monarchana agus carranna leis an mbaisteach agus ansin titeann sé ina bháisteach aigéadach. Déanann baisteach aigéadach dochar do chrainnte, faigheann iasc báis i lochanna agus déantar dochar d’fhoirgnimh. Mar mhaoirseoirí, ba cheart dúinn úsáid a bhaint as foinse athnuaite cumhachta cosúil le gaoth, griain agus cumhacht na dtonnta chun laghdú a dhéanamh ar baisteach aigéadach.

Truailliú núicléach

Bealach eile chun leictreachas a chruthú is ea cumhacht núicléach. Cruthaíonn cumhacht núicléach fuíollábhar radaighníomhach. Bíonn na hiarmhairtí ó thimpistí ionaid núicléacha an-tromchúiseach, mar is eol dúinn ón timpiste a tharla sa Bhealarúis.

Dífhoraoisiú

Gearrtar síos crainnte go minic chun bealach a dhéanamh d’fhorbairtí cosúil le bóithre agus tithe. Tá na foraoiseacha báistí ag dul in éag de bharr an dífhoraisithe seo. Teastaíonn crainnte chun de-ocsaíd charbóin a ghlacadh isteach agus chun ocsaigin atá ag teastáil uainn chun análú a scaoileadh amach. Mar mhaoirseoirí, ba cheart dúinn páirt a ghlacadh i scéimeanna cur plandaí.

Dainseár don Fhiadhúlra

Tá ainmhithe áirithe ag dul in éag de bharr dífhoraisiú agus caillteanas gnáthóg de réir mar atá an daonra ag fás. Teastaíonn áit ón daonra breise chun maireachtáil agus glantar amach talamh chun áit chónaithe a dhéanamh. Mar mhaoirseoirí, ba cheart dúinn níos mó páirceanna fiadhúlra a chur ar fáil.