Ainmhithe i mbaol
Caithfear aire a thabhairt do na hainmhithe chomh maith leis na daoine. Tá muid ag iarraidh go bhfeicfidh an chéad ghlúin eile na hainmnithe atá ann anois. Ar fud an domhain tá ainmhithe i mbaol de bharr an dochar atá á dhéanamh ag daoine don timpeallacht ina maireann na hainmhithe. D’fhéadfadh go dtiocfaidh an lá nach mbeidh na hainmnithe seo a leanas le feiceáil ach in iarsmalanna agus in uisceadáin. Seo a leanas cuid de na hainmnithe atá i mbaol:

An tOllphanda
Tá an t-ollphanda ina chonaí i gceantair shléibhe sa tSín. De bharr feirmeoireachta agus dífhoraoisithe tá an t-ollphanda díbeartha amach as an talamh íseal inar mhair sé uair amháin. Tá go leor acu ag fáil bháis leis an ocras mar nach bhfuil aon bhia le hithe acu níos mó.
An Turtar Farraige
Tá an turtar farraige i mbaol de bharr iascach tráchtála. Tá éileamh ar a bhfeoil, a n-uibheacha, a gcraiceann agus a mblaosc ildaite. Tá daonra an turtair farraige tite de bharr a ghnáthóg bheatha agus mhaireachtála a bheith scriosta agus de bharr truailliú a bheith déanta ar fharraigí an domhain.
An Béar Bán
Tugann dath bán an bhéir bháin duaithníocht don bhéar nuair a bhíonn sé ag fiach. Is é an beár bán an beár is mó as na béir ar fad. Tá líon na mbéar tite go mór de bharr an iomarca féich a rinneadh orthu. Tá siad faoi bhagairt faoi láthair de bharr taiscéalaíocht ola i réigiúin an Artaigh.
Eilifint na hAfraice
Tá cónaí ar eilifint na hAfraice i sabhána agus i gcoillte oscailte. Tá eilifint na hAfraice faoi bhagairt de bharr fhiach a starrfhiacaile eabhair agus chaillteanas a gnáthóige de bharr talmhaíochta.
Eagraíochtaí Caomhnaithe
Tá go leor eagraíochtaí éagsúla ann a oibríonn chun an timpeallacht a shábháil agus na hainmhithe atá i mbaol a chaomhnú. Is í aidhm na n-eagraíochtaí caomhnaithe ná díobhadh speiceas ainmhithe a stopadh. Seo a leanas sonraí agus lógónna chuid de na heagraíochtaí:
Greenpeace :
Is eagraíocht dhomhanda feachtasaíochta é Greenpeace a fheidhmíonn chun iompar agus meoin daoine a athrú chun an timpeallacht a chosaint agus a chaomhnú agus chun síochán a chur chun cinn. Déanann Greenpeace obair chun an t-athrú aeráide a stopadh, farraigí an domhain a chosaint ó thruailliú , gnáthóga nádúrtha a chosaint agus chun deireadh a chur le cumhacht núicléach.
Word Wildlife fund
Tá an WWF ar an bhfód le breis agus caoga bliain. Tá an eagraíocht ag obair i 100 tír agus tá siad ag fáil tacaíochta ó 1.2 milliún ball i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus gar do 5 mhilliún ball timpeall an domhain. Ritheann an eagraíocht cláir chun cosaint a thabhairt do speicis ainmhithe, déileáil le téamh domhanda agus chun deireadh a chur le cumhacht núicléach.
Save the Rhino
Is eagraíocht dhomhanda é Save the Rhino. Oibríonn an eagraíocht chun daonraí rhino atá i ndainséar san Afraic agus san Áise a chaomhnú. Cuireann an eagraíocht maoiniú ar fáil do thionscnaimh bheatha agus do chláir oideachais.
Whale and Dolphin Conservation Society
Bunaíodh an eagraíocht charthanachta dhomhanda seo sa bhliain 1987 chun míolta móra agus deilfeanna a chaomhnú. Cosnaíonn siad iad ó fhiach, ghéibheann, thruailliú torainn agus ceimice, a bheith buailte ag longa, a bheith i bhfostú in eangacha iascaireachta agus ó athrú aeráid. Déanann siad é seo trí airgead a bhailiú agus a chur ar ais i bhfeachtais agus i dtionscnaimh timpeall an domhain.
Tearmann Rónta na hÉireann
Is áis tarrthála agus athshlánaithe fiadhúlra é Tearmann Rónta na hÉireann . Is é an t-aon áis lánaimseartha atá in Éirinn . Tugann oibrithe deonacha rónta slán ó ghortú agus ocras. Cuireann an tearmann foscadh, bia agus leigheas ar fáil do na rónta sula scaoileann siad ar ais sa nádúr iad.
Gluais
ainmhithe i mbaol – animals in danger
iarsmalann – museum
uisceadán– aquarium
ollphanda – Giant panda
dífhoraisiú– deforestation
Turtar Farraige – Sea turtle
Gnáthóg– habitat
iascach tráchtála – commercial fishing
an beár bán– polar bear
duaithníocht– camouflage
eilifint na hAfraice– African Elephant
starrfhiacail eabhair– Ivory tusk
Eagraíochtaí caomhnaithe – conservation organisations
Tearmann Rónta na hÉireann – Irish Seal Sanctuary
Fiadhúlra – wildlife
Tarrtháil – rescue
Athshlánú – Rehabilitation