Oifig an Ombudsman do Leanaí

Cearta agus Freagrachtaí – Oifig an Ombudsman do Leanaí

Cinntíonn Oifig an Ombudsman do Leanaí go bhfuil cearta leanaí á gcosaint. Cinntíonn siad go ndéanann an rialtas agus daoine eile na cinntí cearta ar son daoine óga.

Tá an obair a dhéanann an tOmbudsman leagtha síos i ndlí dar teideal an t Acht um Ombudsman do Leanaí 2002. Seo iad príomhréimsí oibre an Ombudsman :
  • Gearráin neamhspleácha a láimhsiú
  • Cumarsáid agus Rannpháirtíocht
  • Taighde agus polasaí
Ciallaíonn sin gur féidir le hOifig an Ombudsman do Leanaí :
  • Tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus do leanaí faoina gcearta.
  • Fiosrú a dhéanamh le daoine óga faoi céard atá tábhachtach dóibh. Nuair a bheidh oifig an Ombudsman do Leanaí ar an eolas faoi céard atá tábhachtach do dhaoine óga is féidir leo ansin an rialtas agus daoine eile a chur ar an eolas.
  • Taighde a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na rudaí atá tábhachtach do dhaoine óga.
  • Comhairle a thabhairt don rialtas agus do dhaoine eile faoi céard atá tábhachtach do dhaoine óga.
  • Glacadh le gearráin agus, más féidir, rud éigin a dhéanamh faoi ghearráin. Is féidir leis na gearráin a theacht ó leanaí, ó dhaoine óga nó ó dhaoine fásta a dhéanann gearráin ar a son.

I measc na hoibre atá ar siúil acu faoi láthair tá leithdháileadh, iompar scoile, reifreann bunreachtúil ar chearta leanaí, tionscnaimh scoite leanaí, daoine óga in Institiúid Naomh Pádraig, cosaint leanaí agus uchtú.

Emily Logan- Cúlra an Ombudsman do Leanaí

Is í Emily Logan an chéad Ombudsman doLeanaí . Sula raibh Emily ina hOmbudsmana doLeanaí thraenáil sí mar bhanaltra leanaí in Ospidéal na Leanaí, Sráid Temple, i 1982 . I lár na n-ochtóidí chuaigh sí ag obair i Londain in Guy’s Hospital agus in Great Ormond Street Hospital. Tá cáil ar Great Ormond Street Hospital ar fud an domhain de bharr an leighis speisialta a sholáthraíonn siad. Tháinig sí ar ais go Éireann in 1997 agus d’oibrigh sí mar stiúrthóir banaltraí in Ospidéal Chromghlinne ar feadh ceithre bliana agus in Ospidéal Thamhlachta ar feadh dhá bhliain. Chuir Emily isteach ar an phost mar Ombudsman nuair a fógraíodh é in 2003.

Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CNACL)

Tugann Oifig an Ombudsman doLeanaí eolas faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CNACL). Is éard atá sa Choinbhinsiún seo ná sraith de chaighdeáin agus d’oibleagáidí atá aontaithe go hidirnáisiúnta ag an chuid is mó do thíortha ar domhan, Éire san áireamh. Cuireadh i bhfeidhm an CNACL chun dul i ngleic le riachtanais leanaí agus chun a chinntiú go n-aithníonn an domhan go bhfuil cearta ag leanaí freisin.

Tá Cearta ag gach leanbh agus ógánach

Is cuma cén aois é an duine, tá cearta daonna ag cách. Tá cearta speisialta ag daoine óga mar gur daoine leochaileacha inár sochaí iad. Is é an dualgas atá ar Oifig an Ombudsman do Leanaí ná cearta agus leas daoine óga faoi 18 bliain a chosaint agus a chinntiú go n-éisteann an rialtas leis an oifig faoi na riachtanais chearta daonna atá ag ógánaigh na tíre.

Ciallaíonn cearta daonna go gcaithfear go cóir agus go cothrom le gach duine agus go mbeidh meas ag daoine ar a chéile. Caithfear a chinntiú i gcónaí go bhfuil cearta leanaí á gcomhlíonadh. Tá cearta leanaí liostáilte faoi Choinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh (CNACL). Tá liosta de na cearta seo ag www.oideachas.gaelsceal.ie

Céard atá le rá ag ógánaigh agus ag leanaí?

Éistíonn Emily Logan leis na mílte ógánach faoi na cúiseanna imní atá acu. Cuireann an Oifig béim ar na cúiseanna imní seo agus iad i dteagmháil leis na daoine cuí ceannasaíochta.

Téigh ar cuairt chuig Oifig an Ombudsman le do rang! –

Eagraítear ceardlanna oideachasúla saor in aisce ar chearta agus ar fhreagrachtaí an linbh in oifig an Ombudsman do Leanaí i mBaile Átha Cliath do ghrúpaí bunscoile agus iar-bhunscoile. Cuirtear na ceardlanna 90 nóiméad seo ar fáil trí Ghaeilge nuair is féidir agus clúdóidh Oifig an Ombudsman do Leanaí na costais taistil.

Chun cuairt a chur in áirithe nó tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le hOifig an Ombudsman ag (01) 8656800 nó seol ríomhphost chuig [email protected]

Gluais

Oifig an Ombudsman do Leanaí – The Ombudsman for Children’s Office

Réimsí – fields

An tAcht um Ombudsman do Leanaí 2002 – Ombudsman for Children Act 2002

Gearráin neamhspleácha – Independent complaints

Rannpháirtíocht – Participation

Leithdháileadh – allocation

Reifreann bunreachtúil – constitutional referendum

Tionscnaimh scoite leanaí – Separated children’s project

Uchtú– adoption

Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh – United Nations Convention on the Rights of the Child

Leochaileach – Vulnerable

Ceardlann – Workshop

Fóirdheonaigh – Subsidise