Nelson Mandela agus Martin Luther King

Seo a leanas beirt a labhair amach ar son cearta daonna.
Nelson Mandela

Rinneadh dlíodóir de Nelson Mandela sa bhliain 1944 agus bhí sé páirteach sa Chomhdháil Náisiúnta Afracach, gluaiseacht cearta sibhialta síochánta. Ag an am bhí cearta na Afracach gorm a sárú agus d’oibrigh Nelson Mandela chun a gcearta a bhaint amach. Sampla de na cearta a bhí sáraithe orthu nach raibh cead acu a bheith páirteach sa rialtas ná úinéireacht a bheith acu ar níos mó ná 13% de thalamh na tíre.

Sa bhliain 1948, thug an rialtas mionlaigh bán polasaí apartheid isteach. Leag an dlí seo amach cén cineál saoil a bheadh ag daoine gorma. Leag an dlí síos go mbeadh áit do dhaoine gorma agus áit do dhaoine bána. In 1960, chuir an Chomhdháil Náisiúnta Afracach deireadh le apartheid agus in 1962 cuireadh Nelson Mandela sa phríosún. Chaith Nelson 27 mbliana sa phríosún. Léirigh daoine ar fud an domhain a dtacaíocht do Nelson Mandela tríd gan earraí as An Afraic Theas a cheannach. Mar shampla, in Éirinn ní láimhseáladh oibrithe Dunnes Stores aon earraí ón Afraic Theas. Ligeadh Nelson Mandela amach as an bpríosún sa bhliain 1990. An bhliain céanna chuir an rialtas nua Afracach deireadh leis an gcosc in aghaidh na Comhdhála Náisiúnta Afracach. Bronnadh Duais Nobel na Síochana ar Nelson in 1933.

Martin Luther King

Rugadh Martin Luther King i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1929. Nuair a bhí sé ar an Ollscoil léigh sé faoi Mahatma Gandhi agus bhí sé an-tógtha lena chuid smaointe faoi feachtasaíocht shíochánta.

I rith 1950 bhí go leor dlíthe éagóracha i bhfeidhm in aghaidh daoine gorma, m.s. ní raibh cead acu ach suí in áiteanna faoi leith i mbialanna agus i mbusanna. Mura mbeadh áit ar bus do dhuine bán chaithfeadh duine gorma eirí agus a shuíochán a thabhairt don duine bán. Lá amháin dhiúltaigh bean darb ainm Rosa Parks a suíochán a thabhairt suas do dhuine bán. D’eagraigh Martin Luther King feachtas inar dhiúltaigh gach duine gorm dul ar an mbus poiblí. Cuireadh Martin Luther King sa phríosún ar feadh 381 lá agus fad a bhí sé istigh sa phríosún fuair daoine dubha cead suí cibé áit a bhí siad ag iarradh ar an mbus. Lean Martin Luther King ar aghaidh ag déanamh feachtasaíochta síochánta ar son cearta daonna gur feallmharaíodh é sa bhliain 1968.