Cearta leanaí

Cearta leanaí

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh

Is doiciméad atá sa choinbhinsiún seo a dhéanann cur síos soiléir ar chearta daonna. Shínigh Éire an coinbhinsiún sa bhliain 1990. Ciallaíonn sé seo go n-aithníonn an rialtas Éireannach go bhfuil cearta speisialta ag páistí agus go gcaithfear iad a chosaint.

Tá 54 airteagal sa choinbhinsiún. Is féidir achoimre a dhéanamh orthu sa cheithre réimse seo a leanas:
child-labour_0

Cearta maireachtála: Sna hairteagail seo cosnaítear cearta bunúsacha páistí: bia, éadach agus foscadh.

An Ceart ar Chosaint: Tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag leanaí maireachtáil i dtimpeallacht atá sábháilte.

Cearta Forbartha: Tá sé de cheart ag gach leanbh a chumas iomlán a fhíorú. Díríonn an chuid seo den doiciméad ar an gceart atá ag páistí ar oideachas agus ar spraoi.

Is seo leanas achoimre ar an Coinbhinsiún :
  • Tá sé de cheart ag gach duine saol a bheith acu.
  • Tá sé de cheart ag gach duine ainm agus náisiúntacht a bheith acu.
  • Tá sé de cheart ag gach páiste a bheith éineacht lena dteaghlach nó leo sin a thabharfaidh an aire is fearr dóibh
  • Tá sé de cheart ag leanaí bia agus uisce glan a fháil
  • Tá sé de cheart ag leanaí caighdeán ard maireachtála a bheith acu
  • Tá sé de cheart ag gach páiste cúram sláinte a fháil
  • Tá sé de cheart ag páiste le míchumas cúram speisialta agus traenáil a fháil.
  • Tá sé de cheart ag leanaí deis spraoi a bheith acu.
  • Tá sé de cheart ag leanaí oideachas saor in aisce a fháil.
  • Tá sé de cheart ag leanaí a bheith sábháilte agus gan a bheith gortaithe agus gan fáilí a dhéanamh orthu.
  • Níl cead gasúir a úsáid mar oibrithe saora ná mar saighdiúirí.
  • Tá sé de cheart ag leanaí a dteanga féin agus a gcultúr a úsáid agus reiligiún a chleachtadh.
  • Tá sé de cheart ag leanaí a dtuairim a nochtadh agus casadh le chéile chun a gcuid smaointe a roinnt lena chéile.

Tá an Coinbhinsiún sínithe ag gach tír ar domhan ach amháin Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSomáil. Is é an fáth nár shínigh an tSomáil an Coinbhinsiún ná mar gheall nach bhfuil rialtas ceart i bhfeidhm agus níl sé sínithe ag Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall go bhfuil roinnt stát ann ina bhfuil pionós an bháis ceadaithe do dhaoine faoi 18 bliana d’aois, rud nach bhfuil ceadaithe in aon áit eile ar domhan.

Fostú páistí

Tá 250 milliún páiste ar fud an domhain fostaithe. Tá os cionn leath de na páistí seo faoi 12 bhliain d’aois. Ní fhaigheann na leanaí seo atá ag obair i monarchana, siopaí agus ar fheirmeacha an deis saol ceart a chaitheamh mar a chaitheann leanaí eile den aois chéanna nach bhfuil fostaithe.

Fíricí faoi fhostú páistí
  • Meastar gur fostaithe iad 12 % de leanaí san India atá idir 5 bliana agus 14 bliana d’aois.
  • Cuirtear brú ar chuid leanaí bheith ag obair 18 n-uaire an chloig in aghaidh an lae.
  • Is minic a dhíolann fostaithe leanaí le fostaithe eile.
  • Tá GAP, Primark agus H&M ar chuid de na comhlachtaí a bhí i dtrioblóid le blianta beaga anuas mar go raibh páistí fostaithe ina gcuid monarchana.