Cearta agus leas ainmhithe

Cearta agus leas ainmhithe

Ceist chonspóideacha is ea ceart agus leas ainmhithe. Ba cheart meas a bheith ag daoine ar chearta agus leas ainmhithe. Ar nós an duine mothaíonn ainmhithe pian agus anacair.

Fóirithint ar ainmhithe
Is féidir le fóirithint ar ainmhithe a bheith san fhoirm seo leanas :
  • Faillí a dhéanamh ar ainmhithe baile
  • Ainmhithe a úsáid i spóirt fola
  • Ainmhithe a mharú le haghaidh a gcraiceann nó a bhfionnadh
  • Ainmhithe a úsáid i dturgnaimh saotharlainne.
  • Ainmhithe a úsáid i bhfeirmeoireacht monarcha
  • Ainmhithe a sheachadadh ar bhealach mídhaonnachtúil.
Ag tabhairt aire dod pheata

Teastaíonn foscadh, bia agus uisce ó pheataí intíre má táthar ag iarraidh iad a choinneáil sláintiúil. Bíodh úinéir an peata cinnte go bhfuil dóthain áite ag an ainmhithe chun aclaíocht a dhéanamh.

Is seo leanas trí chúinse chonspóideacha reatha a bhaineann le leas agus cearta ainmhithe:
Beodhioscadh

Sin nuair a dhéantar turgnaim ar ainmhithe beo. Déantar turgnamh den chineál seo ar na milliúin ainmhithe gach bliain. Deireann daoine go bhfuil na turgnaimh seo riachtanach le haghaidh taighde leighis ach deireann daoine eile nach bhfuil aon ghá leo de bharr theicneolaíocht ríomhairí.

ossp 2
Feirmeoireacht Mhonarchan

Cuireann feirmeoireacht mhonarchanbrú agus strus ar ainmhithe. Go minic bíonn na hainmnithe i bhfeirmeoireacht mhonarchan sáinnithe taobh istigh, gan mórán spáis agus faoi sholas saorga.

Tá táirgíocht foie grais ar cheann de na modhanna feirmeoireachta monarchan is conspóidí atá ann. Seo nuair a dhéantar lachain agus géanna a bheathú le feadán miotal chun an gcuid ae a ramhrú.

Spórt Fola

Seo spórt ina mbíonn ainmhithe ag fulaingt nó go maraítear iad le haghaidh siamsaíocht, m.sh. fiach sionnach agus giorria.

Chun tacaíocht a thabhairt do leas ainmhithe :
  • Bí cinnte go mbreathnaíonn tú ar na lipéid ar táirgí chun a chinntiú nach bhfuil nár tástáladh iad ar ainmhithe.
  • Ceannaigh táirgí saor-raoin nuair is féidir.
  • Mura bhfuil tú ag iarradh tacú le marú ainmhithe, níor cheart fionnadh ná craiceann ainmhithe a cheannach. Ceannaigh táirgí bréige ina n-áit.

Gluais

Cearta agus leas ainmhithe – Animal rights and welfare

Fóirithint – Relief

Beodhioscadh – Vivisection

Feirmeoireacht Mhonarchan – Factory farming

Spórt Fola – Blood spórt