Cearta agus Cúramaí
Roinn na daltaí ina ngrúpaí de chúigear agus tabhair seit cártaí dóibh le híomhá do chearta orthu. Is féidir iad a íoslódáil ón acmhainn Cearta Teanga atá foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga ag http://www.coimisineir.ie/downloads/Ceacht5.pdf
Iarr orthu na cearta uilig a ainmniú.
Tabhair cabhair foclóra dóibh;
- Ceart agóide,
- Ceart dídine,
- Cearta maoin a shealbhú.
- Labhair leo faoi na cearta.
- Astu féin, abair leo na cúig chinn is tábhachtaí a cheapann siad a scríobh síos ar phaipéar, a thabharfaidh tú dóibh.
- Ansin abair leo plé a dhéanamh leis an ngrúpa ina bhfuil siad chun a theacht ar réiteach cé acu na cúig chinn is tábhachtaí don ghrúpa.
- Déan liosta ar an gclár de réir mar a bheidh na grúpaí ag inseacht duit cén chúig chinn a phioc siad.
- Breatnaigh ar na cosúlachtaí/difríochtaí idir na grúpaí, ach go hiondúil bíonn siad an-chosúil lena chéile.
- Plé eile – Cén cúram a théann leis an gceart m.s. oideachas: dualgas orthu féin a bheith ar scoil, obair baile a dhéanamh, rialacha a leanacht, srl.