Dinit an duine/ Cearta

Dínit an duine

Tá cearta ag gach duine

Tar éis an méid daoine a fuair bás i rith an dara Cogadh Domhanda, bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe. Chuir na tíortha a bhí san eagraíocht liosta le chéile de na cearta a chreid siad ba cheart a bheith ag gach duine. Tugtar Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine ar seo.

Is seo leanas achoimre ar an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine

  • Saolaítear gach duine cothrom agus saor
  • Tá cearta ag gach duine ar bhia, foscadh agus tithíocht
  • Tá ceart ag gach duine ar obair, sláinte, oideachas agus tá dualgas don phobal orthu.
  • Tá gach duine cothrom faoin dlí agus tá an ceart acu a bheith cosanta.
  • Tá sé de cheart ag gach duine cothromaíocht a fháil sna cúirteanna
  • Tá sé de cheart ag gach duine scíth agus caitheamh aimsire fháil.
  • Tá sé de cheart ag gach duine pósadh.
  • Tá sé de cheart ag gach duine saoirse smaointeoireacht, intinne agus creidimh a bheith acu.
  • Tá sé de cheart ag gach duine náisiúntacht a bheith acu.
  • Tá sé de cheart ag gach duine a bheith i dteideal maoin.
  • Tá sé de cheart ag gach duine a bheith páirteach sa rialtas.
  • Ní ceart go mbeadh sclábhaí déanta d’aon duine ná go ndéanfaí céasadh orthu
  • Tá sé de cheart ag gach duine tearmann a fháil i dtír eile chun éalú ó ghéarleanúint.
  • Tá sé de cheart ag gach duine a dtuairim a nochtadh.

Céard atá i gceist le dínit an duine?

Is cóir caitheamh le gach duine ar domhan le dínit. Tá dínit ag duine nuair a dhéantar freastal ar a riachtanais bhunúsacha. Is iad riachtanais bhunúsacha an duine ná uisce, bia, foscadh, sábháilteacht, cúram leighis agus oideachas. Mura ndéantar freastal ar riachtanais bhunúsacha seo an duine, saol crua atá i ndán dóibh.

Comhrá sa Rang

Samhlaigh nach mbeadh freastal á dhéanamh ar do chuid riachtanas bunúsach. Cad é mar a mhothófá? Náireach, in íseal brí?

Tá daoine ar fud an domhain nach bhfuil freastal á dhéanamh ar a gcuid riachtanas bunúsach.

Daoine gan dídean

Dídean is ea ceann de na riachtanais bhunúsacha a chaithfidh a bheith ag duine. Meastar go bhfuil os cionn 5,000 duine gan dídean in Éirinn. Is féidir cuid de na daoine gan dídean a fheiceáil ag maireachtáil agus ag codladh ar na sráideanna. Ní i gcónaí a bhíonn daoine gan dídean le feiceáil ar na sráideanna. Codlaíonn cuid acu i mbrúnna agus in ionaid dídine.

Tá breis agus 20 eagraíocht in Éirinn a bhíonn ag obair le daoine gan dídean. Seo a leanas eolas faoi na heagraíochtaí sin:

Simon Communities of Ireland

Tá an eagraíocht seo ar an bhfód ón mbliain 1985. Cabhraíonn sé le daoine gan dídean chun dídean shealadach a fháil agus iad a shocrú isteach in áit chónaithe fhadtéarmach ansin.

Tithíocht Sonas

Soláthraíonn Sonas tacaíocht, tearmann agus tithíocht do mhná agus do leanaí atá gan dídean de dheasca foréigin sa teaghlach agus foréigean inscne.

Gluais

Dínit an duine – Human dignity

Riachtanais bhunúsacha– Basic needs

Foscadh– Shelter

Cúram leighis– Health care

Daoine gan dídean– Homeless people

Brúnna– Hostels

Ionaid dídine– Shelters

Sealadach– Shelters

Sealadach– temporary

Fadtéarmach– Long term

Foréigean sa teaghlach– Domestic violence

Foréigean inscne– gender based violence.