Comoradh 100 bliain an Titanic

Comóradh 100 bliain an Titanic
Comóradh an Titanic i gCóbh, Béal Feirste agus Nua-Eabhrac

Beidh sé 100 bliain i mbliana ó bádh an RMS Titanic ar an 15 Aibréan

Is é An Cóbh, an port deiridh ar stop an Titanic ann agus beidh sraith d’imeachtaí ar siúl ar an mbaile sin mar chuid den chomóradh 100 bliain. Cuireadh tús leis na himeachtaí ar an 18 Feabhra nuair a reáchtáileadh ócáid chuimhneacháin ansin. Bhí 500 aoi i láthair, bhí ceol ann agus béile a bhí cosúil leis an mbéile a tugadh do na paisinéir agus iad a n-aistir ar an Titanic.

titanic 2

Beidh neart imeachtaí ag tarlú i mBéal Feirste i rith na bliana freisin mar gur ansin a tógadh an Titanic agus a comhlong, an Olympia. Ar an 31 Márta beidh iarsmalann mór don Titanic ag oscailt go hoifigiúil i mBéal Feirste. Tá an foirgneamh deartha mar macasamhail den bhád. Ag na dugaí i mBéal Feirste, san áit ar tógadh an Titanic,tá ceantar ar leith ainmnithe cheana féin i gcuimhne ar an Titanic, The Titanic Quarters.

Beidh turas mara chuimhneacháin 8 n-oíche ag fágáil Nua-Eabhrac ar an 10 Aibreán chun taisteal chuig an áit ina bhfuilan Titanic anois. Ar an turas mara sin beidh léachtanna, scannáin, béilí, culaithirt seanré agus searmanas cuimhneacháin 100 bliain ag an áit a ndeachaigh an long síos.

Ar an 6 Aibreán, beidh aistir an Titanic á chomóradh le h éisiúint an scannáin Titanic ó 1997, in athuair agus é i 3D an iarraidh seo. Tá ITV1 ag craoladh mionsraith ceithre mhír Titanic, scríofa ag an mbuaiteoir Oscar Julian Fellowes.

Cúlra an Titanic

Línéar paisinéirí a bhí sa Titanic a bádh san Atlantach Thuaidh ar 15 Aibreán 1912 nuair a bhuail sí faoi cnoc oighir ar a haistear ó Southampton go Nua-Eabhrac. Bádh 1, 517 paisinéir ar bord aici. Bhí sí ar an mbád ba mhó ar an bhfarraige ag an am. Thóg longchlós Harland and Wolff an bád idir 1909-1911 i mBéal Feirste. Bhí 2,228 duine ar bord aici nuair a chuiagh sí síos, 1,316 paisinéir agus 885 de chriú. Orthu sin bhí cuid de na daoine ba shaibhre ar domhan, Isidor Strauss ina measc, chomh maith le os cionn 1,000 eisimirceach as Éireann agus Críoch Lochlann a bhí ag dul go Meiriceá ar thóir saol níos fearr.

Bhí sí ar an long ba nua-aimseartha agus ba shómasaí ar domhan ag an am. Cé go raibh gnéithe sábháilteachta d’ardchaighdeán ag an bhád, cosúil le rannóga uiscedhíonacha, ní raibh dóthain bád tarrthála uirthi don méid iomlán daoine a bhí ar bord.

Nuair a bhuail an long an cnoc oighir cuireadh baill an criú agus cuid de na paisinéirí isteach ar na báid tharrthála. Fágadh 90% de na fir ón ísealaicme ar bord na loinge de bharr an prótacail go ligí mná agus leanaí isteach ar na mbáid tharrtháil ar dtús. Iad siúd a chuaigh san uisce, fuair siad bás ón bhfuacht de bharr theocht íseal na farraige. Phioc an RMS Carpathia suas an 710 duine a bhí ar na báid tarrthála.

Bhain an tubaiste croitheadh as daoine ar fud an domhain. Bhí fearg ar dhaoine mar gheall ar an méid daoine a fuair bás de bharr an easpa bád tarrthála agus reáchtáileadh fiosrúcháin phoiblí sa Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá da thoradh sin. Tar éis na bhfiosrúchán tháinig feabhas mór ar sábháilteacht mara. Bunaíodh an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir i 1914. Tá an coinbhinsiún seo fós ag rialú sábháilteacht mara.

Cáineadh go mór an captain a bhí i bhfeighil an Titanic ag an am, J. Bruce Ismay de bharr gur fhág sé an long fad a bhí mná agus leanaí fós ar bord.

Tá an Titanic ar cheann de na longa is cáiliúla ar domhan. Coinnítear a cuimhne beo trí leabhra, scannáin, taispeántais agus cuimhneacháin.

Tá an Titanic fágtha ar íochtar na farraige. I 1985 tógadh na mílte píosaí amach aisti le cur ar taispeáint in Iarsmalanna ar fud an domhain.