Toircheas agus Breith

Toircheas agus Breithpregnancystages 3
Toircheas

Maireann toircheas ar feadh 40 seachtain, beagán os cionn 9 mí. Mar go bhfuil an tréimhse toirchis chomh fada déantar sin déantar tagairt d’am an toirchis ina thrí chéim .

Céim 1 ( 1-3 mhí)
  • Tar éis den ubh a bheith toirchithe, deighleann sé agus foirmíonn sé liathróid de chealla. Ina dhiaidh sin, téann sé síos san bhfeadán fallópach agus isteach sa bhroinn.
  • Greamán an liathróid cealla de bhalla na broinne. Glaoitear an suth air sin.
  • Le himeacht ama, forbróidh líneáil na broinne ina phlacaint. Is é feidhm na placainte ná an suth a chosaint.
  • Tosaíonn an tsreang imleacáin ag forbairt ag an am seo. Greamaíonn sé sin an suth leis an bplacaint.
  • Tríd an phlacaint agus an tsreang imleacáin, gheobhaidh an suth ocsaigin agus cothaitheach ón máthair.
Céim 2 ( 3-6 mhí)
  • Forbraíonn an suth ina fhéatas agus forbraítear lámha, cosa agus orgáin cosúil leis an chroí.
  • Bíonn sreabhán aimníneach timpeall an fhéatas. An fheidhm a bhíonn ag an sreabhán aimníneach ná an féatas a chosaint. Bíonn an sreabhán aimníneach i mala sa bhroinn.
  • I rith na tréimhse seo is féidir eolas a fháil faoi ghnéas an pháiste agus is féidir leis an máthair an páiste a mhothú ag bogadh thart sa bhroinn.
Céim 3 ( 6-9 mí)
  • Leanann an féatas ag fás sna míonna seo ag fáil réidh don bhreith. Tosóidh an páiste ag oscailt na súl agus ag cur suas méachain i rith na tréimhse seo.
Breith
  • Nuair a bhíonn an paiste réidh le theacht ar an saol, tosaíonn an mháthair ag mothú na broinne ag crapadh.
  • D’fheadfadh an mála a bhfuil an sreabhán aimníneach ann briseadh ag an am seo.
  • Ag an chéim seo bíonn cloigeann an pháiste iompaithe i dtreo an cheirbheacs.
  • De réir mar a fhaigheann na craptha níos láidre agus níos minice tosaíonn an ceirbheacs ag leathnú chun cead a thabhairt do chloigeann an phaiste a theacht amach.
  • Bíonn dochtúir nó bean chabhrach i láthair chun tacú le cloigeann an phaiste i rith na breithe.
  • Nuair atá an paiste tagtha ar an saol, déantar an tsreang imleacáin a bhíonn idir an páiste agus an phlacaint a ghearradh.
Sláinte i rith Toirchis

Tá sé riachtanach a bheith sláintiúil i rith an toirchis. Tá an leanbh ag brath ar an máthair le haghaidh na gcothaitheach atá uaidh chun fás agus forbairt.

  • Tá sé tábhachtach ithe go sláintiúil i rith an toirchis. Ba cheart neart torthaí agus glasraí a ithe. Tá sé tábhachtach aigéad fólach a fháil i rith an toirchis, go háirithe sna chéad 12 seachtain chun éalang chorda an dromlaigh a laghdú. Faightear aigéad folach i dtorthaí citris agus i nglasraí glasa.
  • Ba cheart aclaíocht a dhéanamh i rith an toirchis. Moltar aclaíocht réidh a dhéanamh, mar shampla tá siúil, snámh agus ióga oiriúnach mar aclaíocht réidh ar féidir le bean torrach a dhéanamh,.
  • Ní ceart alcól a ól i rith an toirchis. Má ólann máthair i rith an toirchis d’fheadfadh drochthionchar a bheith aige ar fhás agus ar fhorbairt phaiste. Má óltar alcól téann an t-alcól isteach i sruth fola an pháiste.
  • Ní ceart drugaí sráide a thógáil, cannabas, eacstais, hearóin agus a leithéidí a thogáil i rith an toirchis. D’fhéadfadh páiste fulaingt ó éalang breithe, lot inchinne a fháil nó a theacht ar an saol go luath dá dtoradh sin.
Gluais

Toircheas agus Breith – Pregnancy and Birth
Toirchiú – fertiliztion
Cealla – cells
feadán fallópach – Fallopian tube
broinn – womb
suth – embryo
placaint – placenta
sreang imleacáin– umbilical cord
sreabhán aimníneach– amniotic fluid
crapadh – contract
ceirbheacs – cervix
bean chabhrach – mid-wife
aigéad fólach – folic acid
éalang ar chorda an dromlaigh – spinal cord defect