Tá sé tábhachtach bainistiú a dhéanamh ar mothúcháin ionas gur féidir linn caidreamh maith a bheith againn leis na daoine inár saol. Tá sé riachtanach gur féidir linn ár mothúcháin a chur in iúl. Níl aon smacht againn ar an gcaoi a mothaíonn muid ach tá smacht againn ar an mbealach a dhéileálann muid lenár mothúchán.
Mothúcháin déagóra
Athraíonn mothúcháin déagóra go sciobtha agus go minic i rith na mblianta caithreachais. Níl sé éasca ar déagóirí deileáil le mothúcháin a bheith ag dul ó íseal go dtí hard. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh déagóra nach bhfuil neart acu ar an gcaoi a mhothaíonn siad ach glacadh leis na mothúcháin sin agus bainistiú chomh maith agus is féidir a dhéanamh orthu.
Meas ar mothúcháin
Tá sé tábhachtach meas a bheith agat ar do chuid mothúchán féin agus ar mhothúcháin daoine eile. Caithfidh meas a bheith agat ar do chuid mothúchán féin sula mbeidh tú in ann tuiscint a bheith agat ar mhothúcháin daoine eile.