Sábháilteacht bóthair

Sábháilteacht bóthair

Thit líon na ndaoine a fuair bás ar ár gcuid bóithre go dtí 186 in 2011, an leibhéal is ísle ar taifead, sin laghdú de 26 duine ó 2010. Leag an rialtas an sprioc a bhain siad amach trí bliaina chun cinn chun 252 níos lú bás a bhainte amach. Fuair 168 duine bás ar na bóithre anuraidh.

Seo an briseadh síos ar an 186 duine sin: 147 coisí, 9 rothaí, 65 tiománaí cairr, 30 paisinéir cairr, 17 bhfeithicil earraí agus 18 ar ghluaisrothar.

Is seo a leanas noda sábháilteachta do dhéagóirí chun fanacht slán ar na bóithre nuair a bhíonn sibh ag siúil agus ag rothaíocht :

Sábháilteacht coisithe
  • Féach, breathnaigh agus éist
  • Ná trasnaigh an bóthar idir carranna atá parcáilte.
  • Más féidir, téigh trasna an bhóthair ag soilse tráchta
  • Na trasnaigh an bóthar ar choirnéal.
  • Úsáid cosán san áit is féidir.
  • Mura bhfuil cosán ann, siúil nó rith ar an taobh a bhfuil d’aghaidh i dtreo an tráchta atá ag teacht agus chomh gar agus is féidir le taobh an bhóthair.
  • Ná bíodh níos mó ná beirt ag siúl taobh le taobh má tá an bother caol, agus má bhíonn an trácht trom ba cheart siúl ina nduine agus ina nduine laistiar dá chéile.
Méadaigh d’infheictheacht

Tarlaíonn 2/3 de na timpistí san oíche mar sin tá sé riachtanach a bheith níos feiceálaí san oíche :

  • Caith banda muinchille, beilt nó éadaí eile frithchaiteacha. Tabharfaidh sé sin cúnamh duit a bheith feiceálach in am.
  • Amuigh faoin tuath, ba cheart duit tóirse a iompar.
Sábháilteacht rothaithe

Modh iompar coitianta is ea an rothar ach íonn rothaithe leochaileach ar na bóithre.

Is seo a leanas comhairle chun a bheith sábhailte agus tú ag rothaíocht :

  • Ná bí ag rothaíocht san oíche gan soilsiú ceart
  • Caith éadaí lonracha cosúil le veist le infheictheacht ard, bandaí muinchille infheicthe agus beilteanna frithchaite ionas go bhfeicfeadh daoine thú.
  • Caith clogad
  • Déan cinnte fanacht ar an taobh clé den bhóthar.
  • Féach taobh thiar duit go rialta agus tabhair comhartha soiléir agus athraigh lána sula gcasfaidh tú.
  • Lean rialacha an bhóthar; ná tígh trí shoilse dearga tráchta agus ná rothaigh go tobann amach roimhe an trácht.
  • Déan cinnte go bhfuil na coscáin agus na rothaí in ord ceart.
  • Ná bí ag rothaíocht ar na cosáin.
  • Fan glan ar thrucailí a bheidh ag casadh faoi chlé; tabhair cead dóibh casadh sula mbogfaidh tú ar aghaidh.