Neamhoird Itheacháin

Neamhoird Itheacháin
Céard iad neamhoird itheacháin?

Is éard atá ann mar neamhoird itheacháin ná fadhb i leith bia a d’fhéadfadh sláinte agus beatha an duine a chur i mbaol. Baineann neamhoird itheacháin go príomha le strus nó fadhb sláinte intinne. Is féidir le neamhord itheacháin teacht ar aon duine. Is féidir le neamhord itheacháin go leor dochair a dhéanamh do chorp agus d’intinn daoine óga. Ní bhaineann neamhoird itheacháin le bia agus meáchan an duine amháin, baineann siad le féinmheas an duine.

Samplaí d’iompar a bhaineann le neamhoird itheacháin
  • Éirí ocrach d’aon turas trí throscadh nó beagán bia amháin a ithe
  • Barraíocht aclaíochta a dhéanamh, mí-úsáid a bhaint as piollaí buarranacha agus cur amach d’aon turas
  • An iomarca bia a ithe
Na príomh-neamhoird itheacháin

platabiaÚsaidtear an téarma neamhord itheacháin chun cur síos a dhéanamh ar réimse leathan fadhbanna itheacháin. Is iad seo a leanas an trí phríomh-neamhord itheacháin.

Anorexia Nervosa

Duine ar a bhfuil Anorexia Nervosa, is minic a dhiúltaíonn siad ithe nó ní itheann siad ach méid an-bheag. Bíonn siad ag smaoineamh faoi bhia an t-am ar fad agus faoi mheáchan a chailleadh. D’fhéadfadh siad mí-úsáid a bhaint as piollaí buarranacha nó barraíocht aclaíochta a dhéanamh chun meáchan a chailleadh. Mura n-itheann an duine agus má chailleann siad an iomarca meáchain d’fhéadfadh míchothú teacht orthu. Tarlaíonn míchothú nuair nach bhfuil an duine ag fáil dóthain cothaithe chun go n-oibreoidh an corp mar is ceart. D’fhéadfadh an bás a bheith mar thoradh ar mhíchothú.

Bulimia Nervosa

Bíonn duine ar a bhfuil Bulimia Nervosa ag ithe mar is gnách an chuid is mó den am, sin nó itheann siad an iomarca agus cuireann siad an bia amach arís. Is minic a itheann siad an iomarca agus go gcuireann siad amach nuair atá siad réidh leis an mbéile. Nuair a bhíonn a mbéile ite acu mothaíonn siad ciontach agus bíonn siad ag iarraidh fáil réidh leis an mbia. Is minic a dhéanann duine le Bulimia Nervosa rudaí dochracha don chorp, mar shampla troscadh, barraíocht aclaíochta, bia a chur amach agus mí-úsáid a bhaint as piollaí buarranacha agus cógais eile. Go hiondúil, ní bhíonn duine le Bulimia Nervosa faoi mheáchan mar go n-itheann siad bia. Go hiondúil, bíonn siad taobh istigh den réimse ceart meáchain dá n-aois, dá ngnéas agus dá n-airde. Mar thoradh air sin, níl sé éasca a aithint go bhfuil Bulimia Nervosa ar dhuine. B’fhéidir go mbeadh an fhadhb ag dul ar aghaidh tamall fada sula mbeadh sé le tabhairt faoi

Ithe Ragúis (Binge Eating)

Ithe ragúis a bhíonn i gceist nuair a chaitheann duine tréimhse ag ithe cuid mhór mhór bia, gan é a chur amach arís. Cuireann siad suas go leor meáchain. Bíonn siad i bhfostú idir a bheith ar aiste bia agus meáchan a bheith curtha suas acu. Bíonn an ghráin ag an duine air féin.

Tá sé tábhachtach a thuiscint nach mbaineann daoine le catagóir áirithe amháin i gcónaí.

Céard is cúis le neamhord itheacháin?

Níl aon chúis faoi leith le neamhord itheacháin teacht ar dhuine. Bíonn meascán cúiseanna ann. Is minic ceangal idir an neamhord itheacháin agus eachtra i saol an duine a chuir brón orthu, mar shampla timpiste, athrú mór i saol an duine, barraíocht imní agus struis, inmí faoi chruth agus meáchan an choirp. Bíonn féinmhuinín íseal ag daoine a bhíonn ag fulaingt le neamhord itheacháin.

Biseach tar éis neamhord itheacháin

Tinneas an-tromchúiseach is ea neamhord itheacháin ach is féidir le daoine éirí níos fearr. Chun teacht as neamhord itheacháin caithfear aird a thabhairt ar ghnéithe fisiceacha agus ar mhothúcháin an duine. Mothaíonn an duine a bhfuil neamhord itheacháin air go bhfuil buntáiste leis an neamhord itheacháin. Dá bhrí sin bíonn sé deacair a chur ina luí orthu go bhfuil fadhb ann. Breathnaíonn siad air mar mheicníocht chun déileáil lena saol. Le go dtiocfaidh biseach ar dhuine le neamhord itheacháin, caithfidh siad bheith ag iarraidh a bheith níos fearr, glacadh leis gur fadhb is ea an neamhord itheacháin, féinmhuinín a ardú, a thuiscint nach bealach sláintiúil é neamhord itheacháin chun déileáil leis an saol, agus bealaí eile a fhoghlaim chun mothú sábháilte. Beidh tacaíocht an teaghlaigh, cairde agus dochtúirí ag teastáil chun éirí níos fearr.

Bodywhys

Is eagraíocht é Bodywhys a thugann cúnamh agus tacaíocht do dhaoine a bhfuil neamhord itheacháin orthu. Cuireann siad comhairle ar fáil saor in aisce agus ní thugann siad breithiúnas ar aon duine. Is féidir labhairt le comhairleoirí traenáilte ar an nguthán.

Sonraí teagmhála :

Bodywhys
PO Box 105
An Charraig Dhubh
Co. Baile Átha Cliath

Teil: 01-2834963
Facs : 01-2056959

Líne chabhrach: 1890 200 444

Ríomhphost : [email protected]
Tacaíocht ríomhphoist : [email protected]

Suíomh : www.bodywhys.ie