Mí-úsáid tuaslagóirí
Is nós é mí-úsáid tuaslagóirí a bhíonn ag ógánaigh go hiondúil nuair a dhéanann siad múiche agus gal ó tuaslagóirí a análú. Samplaí de tuaslagóirí is ea díbholaíoch, caolaitheoirí péinte agus breosla lastóirí. Tá níos lú caill air anois ná mar a bhíodh de bharr dlíthe níos geire díolacháin agus de bharr go bhfuil sé níos éasca teacht ar dhrugaí eile anois.
Bíonn an t-iompar céanna ar dhuine a dhéanann análú ar tuaslagóirí agus a bheadh ar dhuine a bheadh ar meisce.
Seo leanas cuid de na héifeachtaí is féidir le mí-úsáid tuaslagóirí a imirt ar dhuine :
- Ag mothú tinn. D’fheadfadh sé duine a thachtadh nuair a bhíonn siad ag cur amach.
- Eofóiria agus meadhrán.
- Is féidir le mí-úsáid rialta tuaslagóirí damáiste intinn a chruthú de bharr easpa ocsaigine chuig an intinn.
- Cliseadh croí de bharr damáiste do mhatáin an chroí.
- Bás de bharr cliseadh scamhóg .
- Tá mí-iompar sóisialta an-choitianta leis an bhfadhb seo.
Cén chaoi n-aithníonn mé duine atá ag mí-úsáid tuaslagóirí?
Ceann de na príomhchomharthaí ná duine a bheith ar meisce gan aon chruthúnas gur ól siad alcól. Comhartha eile ná boladh a bheith le fáil uathu. Faigheann daoine a bhaineann mí-úsáid as gliú gríos timpeall ar a mbéal agus ar a srón.