Mí úsáid leanaí
Tá aon chineál mí-úsáide in aghaidh ógánaigh tromchúiseach agus ba cheart aon chineál míúsáide
a thógáil an-dáiríre. Is féidir mí-úsáid a dhéanamh ar leanaí ar go leor bealaí difriúla.
Déantar iad seo a chur sna catagóir seo leanas, m.s. mí-úsáid chorpartha, mí-úsáid mhothúchánach, mí-úsáid ghnéasach agus faillí.

Mí-úsáid chorpartha
Sin nuair a dhéantar dochar fisiciúil do leanbh de bharr idirghníomhú nó easpa idirghníomhaithe ó thuismitheoir nó aon duine fásta eile atá freagrach. Samplaí de mhí-úsáid chorpartha is ea: pionós fisiciúil, bualadh, ciceáil, brú, tarraingt ghruaig, breathnú ar fhoréigean, plúchadh.
Mí-úsáid ghnéasach
Sin nuair a dhéanann duine mí-úsáid ar leanaí le haghaidh a sásamh gnéasach féin. D’fhéadfadh
teagmháil fhisiciúil a bheith i gceist ar an leanbh nó d’fheadfaí iachall a chur ar an leanbh breathnú ar ábhar nach bhfuil feiliúnach.
Faillí
Tarlaíonn faille ar leanaí nuair nach bhfaigheann siad an rud atá ag riachtanach dóibh, m.s, bia, éadach, oideachas agus cóir leigheas. D’fhéadfadh sé seo tionchar ollmhór a bheith aige ar fhorbairt an linbh.
Mí-úsáid mhothúchánach
Faightear mí-úsáid mhothúchánach igcaidreamh idir tuismitheoir/cúramóir agus an leanbh. Tarlaíonn sé nuair nach mbaintear amach riachtanais an linbh m.s. gean, ceadú, sábháilteacht agus comhsheasmhacht. Samplaí
de mí-úsáid mhothúchánach is ea a bheith ag streacháil, criticiúil agus searbhasach, bagrach, ag scanrú an pháiste, ag déanamh beagán den leanbh, agus á nochtadh d’fhoréigean teaghlaigh.
An bhfuil aithne agat ar dhuine a bhfuil míúsáid á dhéanamh air/uirthi ?
D’fhéadfadh daoine a bhíonn ag fulaingt ó mhí-úsáid a bheith faoi bhrú uafásach mothúchánach agus trost a bheith caillte acu i ndaoine eile. Ní thuileann aon duine go ndéanfaí mí-úsáid air nó uirthi ach d’fhéadfadh
gur chuir an duine a rinne an mhí-úsáid ina luí orthu gur thuil siad é. Má tá aithne agat ar dhuine a bhfuil mí-úsáid déanta orthu, tá sé riachtanach go n-inseodh tú é sin do dhuine éigin eile. Ba cheart labhairt le duine a bhfuil trost agat astu m.s. múinteoir, comhairleoir nó cara, ionas nach gá duit faitíos a bheith ort gosceithfidh siad an t-eolas.
Comhrá sa Rang
Cloiseann muid scéalta sna meáin go minic faoi leanaí a ndéantar mí-úsáid orthu. Déan plé ar na scéalta a chuala sibh agus faoi na mothúcháin a bhí ag na híospartaigh ar dearnadh mí-úsáid orthu.
Gluais
Mí-úsáid chorpartha – corporal punishment
Mí-úsáid mhothúchánach – emotional abuse
Mí-úsáid ghnéasach – sexual abuse
Faillí – neglect
Idirghníomhú – interaction
Fhoréigean – violence
Comhsheasmhacht – stability