Mí-úsáid Drugaí
Seo a leanas cur síos ar chuid de na drugaí is coitianta a mbaintear mí-úsáid astu
Alcól
Tá alcól ar cheann de na drugaí is coitianta a mbaineann déagóirí úsáid as. Tá éifeachtaí dainséaracha ag baint le déagóirí a bheith ag ól alcóil. Laghdaíonn alcól cumas déagóirí chun aird a thabhairt. Déagóirí a bhíonn ag ól go trom, is minice nach gcríochnaíonn siadsan a gcuid oideachais ná le déagóirí nach n-ólann. Dá óige a thosaíonn tú ag ól is ea is mó seans go mbeidh fadhb alcóil go fad-téarmach agat.
Éifeachtaí Fadtéarmacha
Timpistí, damáiste don chroí, don ae agus don inchinn, ródháileoga (overdoses)
Toitíní
Tá toitíní freisin ar cheann de na drugaí is coitianta a mbaineann déagóirí úsáid astu. Caitheann déagóirí toitíní go minic de bharr piarbhrú. Deirtear gur ina ndéagóirí a bhí 80% de dhaoine a chaitheann tobac, nuair a thosaigh siad.
Éifeachtaí Fadtéarmacha
Galar croí, ailse, broincíteas, bás
Cannabas
Tá seans níos mó ag daoine a thosaíonn ag úsáid cannabais mar dhéagóirí galair inchinne a fhorbairt, fadhbanna a bheith acu i gcaidreamh, agus teip sa chóras oideachais. Is minic gurb é an chúis go dtógann daoine é ná go n-athraíonn sé a ngiúmar.
Éifeachtaí Gearrthéarmacha
Easpa spreagtha, easpa suime san obair scoile nó obair eile, athrú giúmair
Éifeachtaí Fadtéarmacha
Titim amach as an gcóras oideachais nó oibre, fuinneamh íseal agus gan aon spreagadh
Cócaon
Is substaint é cócaon a ghineann andúil go éasca. Is substaint dhainséarach é cócaon a mbíonn éifeacht mhór aige ar cheimiceáin na hinchinne.
Éifeachtaí Gearrthéarmacha
Paranóia, imní agus iompar síocóiseach
Éifeachtaí Fadtéarmacha
Cliseadh croí, damáiste don tsrón agus don inchinn, bás
Eacstais
Is druga contúirteach í an eacstais. Is iomaí éifeacht a bhíonn ag eacstais ar dhaoine agus athraíonn an éifeacht ó dhuine go duine . Go minic mothaíonn daoine a thógann eacstais go leor fuinnimh ar dtús agus ansin tagann an-tuirse orthu.
Éifeachtaí Gearrthéarmacha
Teas, allas, preabarnach agus fuinneamh
Éifeachtaí Fadtéarmacha
Easpa suime i rudaí, baol titim as a seasamh, ag cur amach, fuileadán ag pléascadh, bás
Hearóin
Daoine a úsáideann hearóin is féidir leo fulaingt ó athrú giúmair agus is féidir leo iompar ar bhealach atá mall. Go minic goideann andúilithe hearóine airgead chun hearóin a cheannacht.
Éifeachtaí Gearrthéarmacha
Is féidir gan aon phian a mhothú, gineann sé andúil go héasca
Éifeachtaí Fadtéarmacha
Teaghlaigh briste suas, fiacha ollmhóra, ródháileoga, bás.
Gluais
Mí-úsáid drugaí – Drug abuse
Cumas – ability
Éifeachtaí gearrthéarmacha – short-term effects
Póit – Hangover
Drochbhreithiúnas – Bad judgement
Toitíní – Cigarettes
Cannabas – Cannabis
Cócaon – Cocaine
Eacstais – Ecstasy
Hearóin – Heroin