Íomhá choirp

Íomhá choirp

Níl sé reálaíoch a bheith ag déanamh comparáide idir tú féin agus réaltaí móra sna meáin nach bhfuil den saol réalaíoch. Sa saol réalaíoch níl aon duine foirfe.forbes-beyonce1

Níl réaltaí móra chomh foirfe agus a cheapann muid. Baintear úsáid as aerscuabadh chun cuma fhoirfe a chur orthu.airbrush2

Céard is íomhá choirp ann ?

Is éard atá i gceist le híomhá choirp ná an chaoi a mbreathnaíonn corp duine go fisiceach. Uaireanta an íomhá a bhíonn againn dínn féin, ní bhíonn sé ag teacht leis an íomhá atá ag daoine eile dínn. Mar shampla b’fhéidir go gceapfadh do mhuintir agus do chairde go bhfuil gruaig aláinn agat ach go bhfuil íomhá uafásach agat féin de do ghruaig. Bíonn tionchar ag íomhánna sna meáin, ag ár dtuismitheoirí, ag ár gcairde agus ag ár muinín féin ar ár n-íomhá choirp. Má tá féinmhuinín íseal ag duine bíonn sé deacair íomhá choirp dhearfach a chruthú.

Íomhá choirp dhearfach a fhorbairt

Tá sé tábhachtach mar dheágóir íomhá choirp dhearfach a fhorbairt. Tá sé deacair íomhá choirp dhearfach a chruthú an tráth seo i do shaol mar bíonn béim ag do chomhaoisigh agus sna meáin ar íomhá choirp. Tá sé tábhachtach a choinneáil ar intinn go bhfuil do phearsantacht tábhachtach agus ní hamháin an rud atá le feiceáil ar an taobh amuigh. Tá dhá ghné ag baint le híomhá choirp: an ghné fhisiceach agus an ghné intinne.

An ghné intinne

Tá sé tábhachtach go mbeadh féinmhuinín ag déagóirí. Chun féinmhuinín a chruthú tá sé tábhachtach a bheith réalaíoch. Níl sé réalaíoch a bheith ag déanamh comparáide idir tú féin agus réaltaí móra sna meáin nach bhfuil den saol réalaíoch. Sa saol réalaíoch níl aon duine foirfe. Tá sé tábhachtach glacadh le do chorp mar atá sé.

An ghné fhisiceach

Baineann sé seo le rudaí atá le feiceáil ar an taobh amuigh. Chun go mbreathnóidh muid go maith ar an taobh amuigh caithfidh muid aire a thabhairt dár gcorp. Caithfidh muid ithe go sláintúil agus aclaíocht a dhéanamh.

Obair sa rang

Déan cur síos leis an rang ar na rudaí a mbíonn tionchar acu ar d’íomhá choirp.

Féach in Gaelscéal ar Scoil an tseachtain seo chugainn nótaí ar neamhord itheacháin agus físeán ón eagraíocht neamhord itheacháin Bodywhys.