Dúlagar

Dúlagar
Céard is dúlagar ann?dulagar

Mothaíonn gach duine brónach agus míshásta ó am go ham. Ach níor cheart go mothófá brónach agus míshásta gach lá. Ní droch-ghiúmar amháin atá i gceist le dúlagar i ndéagóirí, is fadhb dháiríre í agus bíonn éifeacht aige ar gach gné de shaol déagóra. Mura bhfaightear cóir leighis in am do dhúlagar is féidir leis fadhbanna a chruthú ar scoil agus sa bhaile, mí-úsáid drugaí, foréigean agus fiú féinmharú.

Tá cóir leighis ar fáil do dhéagóirí atá ag fulaingt le dúlagar agus is féidir leatsa mar thuismitheor, múinteoir nó cara a bhfuil imní ort cúnamh a thabhairt dóibh. Is féidir leat tosú amach le foghlaim faoi na comharthaí a bhaineann le dúlagar.

Comharthaí de dhúlagar
  • Mothú brónach agus gan aon dóchas
  • Feargach
  • Bheith ag caoineadh go rialta
  • Gan bheith ag caint le cairde agus le clann
  • Easpa suime i ngníomhaíochtaí
  • Athrú i nósanna ithe agus codlata
  • Easpa spreagtha agus suime sa saol
  • Ag mothú nach bhfuil mórán luacha agat mar dhuine
  • Deacrachtaí aird a thabhairt ar rudaí
  • Smaointe faoi bhás agus faoina bheith ag cur láimh ina mbás féin
Fíricí faoi dhúlagar
  • Bíonn dúlagar ar 450,000 duine in Éirinn ag aon am ar leith (beagnach duine as 10 sa daonra).
  • Beidh tionchar ag dúlagar ar 1 as 3 againn ag am éigin inár saol – go díreach nó mar bhall den chlann.
  • Is féidir le haon duine ó aon chúlra, aois ghrúpa nó áit dúlgar a fháil. Tá cineálacha difriúla dúlagair ann: d’fhéafadh duine dúlagar a fháil de bharr eachtra mhór a tharla ina saol, d’fhéadfadh duine fulaingt le dúlagar de bharr tosca bitheolaíocha inmheánacha agus mí-ord dépholach. Tarlaíonn mí-ord dépholach mar gheall ar mheascán de thosca timpeallachta agus géiniteacha.
  • Tá easpa eolais amuigh ansin faoi chomharthaí dúlagair. De bharr an ghanntanais eolais sin ní dhéantar mórán tuairisce ar an ngalar. Ceapann daoine go bhfuil dúlagar orthu ach ní fhaigheann siad cúnamh de bharr faitíos a bheith orthu go dtabharfá duine breithiúnas orthu agus go mbeidh lipéadú déanta orthu.
Fíricí faoi fhéinmharú
  • Is féidir le dúlagar a bheith ina riosca féinmharaithe de bharr nach mbíonn mórán dóchais ag an othar faoin todhchaí. Mura bhfaightear leigheas le haghaidh dúlagair is féidir féinmharú a bheith mar thoradh air. Cuireann 15% de dhaoine le dúlagar lámh ina mbás féin.
  • Deir saineolaithe gur féidir 80% d’féinmharuithe a bheith de bharr dúlagair.
  • Is í an uimhir shealadach a bhí ar an ráta féinmharaithe in 2010 ná 486 duine.
  • Tá an ráta féinmharaithe méadaithe x 2 in Éirinn ó bhí na luath-80í ann.
  • I gculú eacnamaíochta méadaíonn leibhéal imní agus struis. Méadaíonn leibhéal na bhféinmharuithe chomh maith.
Ag seachaint dúlagair

Is féidir dúlagar a sheachaint trína bheith:

  • Ag forbairt sláinte fholláin intinne
  • Ag bainistiú do chuid ama i gceart
  • Ag labhairt faoi do chuid mothúchán
  • Ag labhairt le duine má bhíonn fadhb agat
  • Ag déileáil níos fearr le strus
Ag déileáil le dúlagar mar ógánach
  • Is riocht sláinte é dúlagar. Ní éiríonn duine le dúlagar níos fearr gan chúnamh. Tá sé tábhachtach fios a bheith agat go bhfuil cúnamh ar fáil agus ansin é a iarraidh. Caithfear cóir leighis nó comhairleoireacht, nó meascán den phéire, a thabhairt do dhéagóir atá ag fulaingt le dúlagar.
  • Mothaíonn muid ar fad íseal ó am go ham inár saol ach níl sé ceart go mothaíonn muid ar an gcaoi sin ar feadh seachtainí. Tá sé tábhachtach gan an iomarca brú a chur ort féin trí chomparáid a dhéanamh idir tú féin agus do chairde agus daoine eile.
  • Faigheann 10 % do dhéagóirí dúlagar. Bíonn tionchar ag dúlagar ar an gcaoi a mothaíonn muid fúinn féin agus faoi dhaoine eile, is féidir leis a bheith mar chúis gur cailleadh suim i gcaitheamh aimsire agus inár gcaidrimh le daoine eile.
  • Ba cheart labhairt le tuismitheoirí faoin chaoi a mothaíonn tú.
  • Tá sé tábhachtach cuairt a thabhairt ar an dochtúir. Cosúil le haon fhadhb sláinte eile, tá an dochtúir in ann cúnamh a thabhairt duit.
  • Tá sé tábhachtach am a chaitheamh amuigh faoin aer úr agus aclaíocht a dhéanamh mar go gcabhraíonn sé le leibhéal struis agus imní a ísliú.
  • Ba cheart bia sláintiúil a ithe. Tá bia atá lán le siúcra in ann ísle brí a thabhairt do dhaoine tar éis píosa, rud a chruthaíonn fuinneamh íseal agus giúmar íseal. Níl caiféin go maith ach an oiread do ghiúmar duine.
  • Is dúlagrán é alcól. Is féidir leis a bheith mar chúis de ghiúmar íseal. Bíonn intinn duine ag fás go dtí go mbíonn siad 25 bliain agus bíonn droch-thionchar ag drugaí ar shláinte intinne chomh maith.
Aware

Is gníomhaireacht tacaíochta dúlagar é Aware a thugann cúnamh faoi rún do dhaoine atá ag fulaingt le dúlagar. Is féidir glaoch ar líne chabhrach Aware ag 1890 303 302.

Samartians

Soláthraíonn na Samartians líne chabhrach freisin do dhaoine le dúlagar nó dóibh siúd a dteastaíonn cúnamh uathu. Is í líne chabhrach na Samartians ná 1850 60 90 90.

Gluais

dúlagar – depression
cóir leighis – treatment
foréigean – violence
nósanna – habits
gníomhaireacht – agency