Déagóirí ina dtuismitheoirí

Déagóirí ina dtuismitheoirí
Déagóirí ina dtuismitheoiríosps 2

Go hiondúil ní bhíonn sé ar intinn ag déagóirí leanaí a bheith acu. Níl sé éasca leanaí a thogáil ag aon aois ach tá sé níos deacra leanaí a thogáil mar dhéagóir. Is dúshlán d’aon ógánach a bheith ina dtuismitheoirí .Tá sé deacair a bheith ag tógáil páiste agus ag iarradh cailíochtaí oideachas a bhaint amach. Go minic mothaíonn déagóirí óga nach bhfuil siad ullmhaithe, agus bíonn siad treascrach nó faiteach fiú. Déantar go leor cainte faoi mháithreacha óga ach uaireanta déantar dearmad ar aithreacha óga agus an tionchar a bhíonn ar a saol. Go minic bíonn aithreacha óga ag iarradh páirt a bheidh acu i saol a bpáiste ach níl sé éasca ag aithreacha óga cearta a bhaint amach.

Cearta Aithreacha Óga

In Éireann, braitheann cearta aithreacha óga ar iad a bheith pósta le máthair an pháiste. Ciallaíonn cearta caomhnóireacht go bhfuil sé de cheart agat a bheith páirteach i gcinntí móra do pháiste go dtí go mbeidh siad 18 mbliana d’aois, m.s cúram sláinte, creideamh agus oideachais. Má tá tú pósta le máthair an pháiste beidh na cearta céanna agat agus atá ag an mháthair. Má bhriseann an caidreamh síos agus mura bhfuil tú ag cónaí le máthair an pháiste beidh gá cinntí a dhéanamh faoi thógáil an linbh. Tá cúplaí ann a bhíonn in ann a theacht tar réiteach idir iad féin agus tá cúplaí eile ann nach mbíonn. Murar féidir le cúpla a theacht ar réiteach beidh gá le cúnamh dlíthiúil a fháil agus dul chun cúirte. Déanfaidh an breitheamh an cinneadh is fearr faoi thógáil an pháiste. Déanfaidh sé/sí cinneadh faoi cá mbeidh cónaí ar an pháiste, cé chomh minic agus cén uair a bheidh cónaí ar an pháiste ansin.

Mura bhfuil tú pósta le máthair an pháiste, níl aon chearta dlíthiúil agat go huathoibríoch ar thógáil an linbh, fiú má tá d’ainm ar teastas breithe an pháiste mar athair. I gcásanna den chineál sin, tagann an máthair agus an t-athair ar shocrú go hiondúil má bhíonn caidreamh maith eatarthu. Is rud maith é seo ar bhunús laethúil , ach b’fhéidir go mbeadh deacaireachtaí ann nuair a bheidh cinntí móra caomhnóireachta le déanamh, m.s. ag socrú faoi leigheas a thabhairt do leanbh.

Ar féidir le hathair cur isteach ar caomhnóireacht a linbh?

Is féidir. Le cead na máthar is féidir le hathair cur isteach ar chomhchaomhnóireacht trí dearbhú reachtúil a dhéanamh i láthair coimisinéir mionnaí, coimisinéir síochána nó nótaire poiblí.

TPSP – Clár Tacaíochta do Thuismitheoirí sna Déaga

Soláthraíonn an TPSP seirbhís thacaíochta do mháithreacha agus d’aithreacha i rith an toirchis agus ina dhiaidh. Tugann siad cúnamh freisin do sheanmháithreacha agus do seanaithreacha. Tugann an TPSP eolas duit faoi rudaí cosúil le hullmhú don bhreith, ag tabhairt aire don leanbh, toircheas, ag fáil áit chun fanacht, ag dul ar ais ar scoil/coláiste, cúram leanaí agus go leor eile.

Gluais

Tuismitheoirí – parents
Dúshlán– challenege
cailíochtaí oideachas – Education qualifications
Cearta Aithreacha Óga– Young Fathers rights
Caomhnóireacht – Gaurdianship