Cinntí agus Tionchair
Tionchair :
Tá tionchar ag go leor daoine inár saol ar na cinntí a dhéanann muid, m.s. :
- Cairde
- Múinteoirí
- Piaraí
- agus na meáin
ach seo an dá fhachtóir is mó a mbíonn tionchar acu ar ár saol :
- Tá do phearsantacht agus do bhuanna ag brath ar ghéin a fhaigheann tú ó do thuismitheoirí.
- An mbealach ar fhás muid suas, m.s. cár fhás muid suas agus cé na rudaí a tharla inár saol.
Cinntí :
Bíonn tionchar ag na daoine thart orainn ar na cinntí a dhéanann muid, i ngan fhios dúinn féin. Bíonn tionchar acu ar chinntí beaga, m.s. an t-éadach a chaitheann muid ó lá go lá go dtí go dtí cinntí móra a d’fhéadfadh ár saol a athrú, m.s. rogha cúrsa sa choláiste. Nuair a dhéanann muid cinneadh cuireann muid luachanna agus mothúcháin ár dteaghlach agus ár gcairde isteach san áireamh.
Cinntí maithe
Tá sé tábhachtach cinntí maith a dhéanamh ionas nach mbeidh áifeála ort agus ionas go dtiocfaidh toradh maith as do chinneadh. Chun cinneadh maith a dhéanamh ba cheart an méid is mó eolais agus is féidir a fháil amach ar dtús, ba cheart liosta a dhéanamh de roghanna eile agus ba cheart a bheith compordach leis an rogha atá tú chun a dhéanamh.
Gluais
Cinntí : decisions
Tionchar : Influence
Pearsantacht – personality
Buanna – talents
Aiféala – regret