Buairt

Buairtbuairt

Sin an téarma a úsáidtear chun míniú a thabhairt ar an chaoi a mhothaíonn daoine nuair a fhaigheann duine atá gar dóibh bás nó má imíonn siad. I measc na mothúchán a bhíonn ceangailte leis an mbuairt tá brón, fearg agus uaigneas. Faigheann daoine a bhfuil buairt orthu deacair a chreidiúint ar dtús orthu codladh ceart a fháil, ní bhíonn aon ghoile acu, cailleann siad suim sna rudaí a mbíodh suim acu iontu agus bíonn siad ag caoineadh go leor, sin nó bíonn sé deacair orthu caoineadh ar bith a dhéanamh.

Déileáil le buairt

Tá bealach difriúil ag gach duine chun déileáil le buairt. Téann daoine éagsúla trí mothúcháin éagsúla nuair a chailleann siad duine. Is féidir leis an mbuairt a bheith pianmhar. Chun déileáil leis an phian sin, tá sé tábhachtach go llabhrófá le duine éigin. Ba cheart duit labhairt le do mhuintir agus le do chairde. Moltar de dhaoine a chailleann duine labhairt le comhairleoir.

Má tá aithne agat ar dhuine a chaill duine éigin ba cheart éisteacht leo agus deis a thabhairt dóibh labhairt faoina gcuid mothúchán. Ba cheart am a chaitheamh leis an duine ionas nach mbeidh siad ag mothú uaigneach. Má tá an duine ag iarradh caoineadh ba cheart duit a bheith ansin dóibh agus deis a thabhairt an méid caoineadh atá siad ag iarradh a dhéanamh.

Comhrá sa rang

Ar thug tú cúnamh riamh do dhuine a raibh buairt orthu ? Céard a rinne tú chun tacaíocht a thabhairt don duine sin.