Alcól

alchol pic

Tá alcól mar chuid de chultúr na hÉireann. Feiceann muid feachtais an t-am ar fad mórthimpeall orainn faoi chontúirt an ólacháin ach go minic ní thugann ógánaigh aon aird orthu. In Éireann tá sé in aghaidh an dlí d’aon duine faoi 18 bliain d’aois alcól a ól. Níl cead ag aon duine atá os cionn 18 bliain d’aois alcól a cheannach do dhuine atá faoi 18 bliain d’aois.

Contúirt alcóil
  • Is féidir le halcól dochar a dhéanamh d’fhíocháin na hintinne.
  • Tá go leor calraí in alcól ach níl aon mhaitheas cothaitheach ag baint leis.
  • Is féidir le ólacháin i rith toirchis dochar a dhéanamh do shláinte páiste sa mbroinn.
  • Is féidir le galar croí agus ae a bheith mar thoradh ar mhí-úsáid alcóil.
  • Íslíonn alcól urchoilleadh ionas go ndéanann daoine rudaí nach ndéanfaidís go hiondúil, m.s ag rith trasna an bhóthar agus carr ag teacht.
  • Is féidir andúil a fháil ar an ól.
  • Fadhbanna boilg, m.s. othrais
  • I ngéarchásanna d’fheadfadh nimhiú alcóil , damáiste inchinne, cóma nó bás a bheith mar thoradh ar an alcól.
Ragús Óil

Go dtí seacht mbliana ó shin bhí sé ráite gur tréimhse ragúis óil a bhí i gceist le duine a bheadh óltach ar feadh níos mó ná dhá lá, tráth a ndéanfadh duine faillí ina chuid dualgas chun a bheith óltach. Sa sainmhíniú a thug an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar ragús óil, dúirt siad gurb shin sé dheoch chaighdeánacha (3 phionta ) ag aon seisiún amháin óil.

Alcólachas

Is galar é an t-alcólachas. An toradh a bhíonn ar alcólachas ná go mbíonn an duine tugtha don ól. Alcólach a thugtar ar duine a bhfuil an galar alcólachais air nó uirthi. Ní gá go n-ólfadh alcólach gach lá. Is féidir le fear nó bean , duine saibhir nó duine bocht, sean nó óg, fadhb ólacháin a bheith acu. Tá sé tábhachtach smaoineamh nach bhfuil aon neart ag an alcólach ar an bhfadhb agus gur galar atá ann . Tá fadhb ólachán ag duine sna cásanna seo :

  • Níl siad in ann stopadh ag ól tar éis dóibh tosú.
  • Cuireann alcól as don ghnáthshaol atá acu, m.s. obair agus teaghlach .
  • Déanann siad dearmad ar an méid a tharla le linn dóibh a bheith ag ól.
  • Déanann siad nithe nach ndéanfadh siad mura mbeidís ag ól.
  • Ólann siad chun dearmad a dhéanamh ar a gcuid fadhbanna.
Alateen

Seirbhís thacaíochta do déagóirí atá ag mí-úsáid alcóil is ea Alateen. Féach air : http://www.al-anon-ireland.org/ chun tuilleadh eolais a fháil

Comhrá sa Rang

Déan plé sa rang ar na feachtais faoi chontúirt ólacháin atá sna meáin agus an bhfuil siad éifeachtach, dar libh ?