Aighneas i gcaidreamh
Gnáth rud is ea aighneas i gcaidrimh agus is féidir leis a bheith ina chuid sláintiúil den chaidreamh. Tarlaíonn aighneas de bharr difríochtaí. Tarlaíonn sé nuair nach n-aontaíonn daoine faoi luachanna, smaointe, agus na rudaí atá uathu. Ní féidir le haon bheirt a bheith ar aon intinn faoi gach rud i gcónaí. Tá sé tábhachtach foghlaim cén chaoi le déileáil le haighneas in áit a bheith á sheachaint. Cúiseanna aighnis i gcaidrimh is ea gan a bheith ag éisteacht, éad, ag insint bréaga, míthuiscint agus a bheith leithleiseach.

Ag deileáil le haighneas
Má tá tú ag déileáil le haighneas ba cheart scileanna maith cumarsáide a úsáid. Ba cheart a theacht ar réiteach a bhfuil tusa agus an duine eile sásta leis. Tá sé tábhachtach déileáil le haighneas mar is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith air ná go gcaillfeadh tú do chairde, go mbeadh troid ann, nó easaontas agus uaigneas. Ní cheart cur suas le foréigean fisiciúil in aon chaidreamh nuair a bhítear ag déileáil le haighneas.
Noda chun a theacht ar réiteach ar aighneas
- Éist leis an méid atá an duine eile a rá agus céard atá siad a mhothú. Tiocfaidh tú ar réiteach níos fearr ar an aighneas má éisteann tú leis an méid atá le rá ag an duine eile.
- Ba cheart go mbeadh meas agat ar thuairimí an duine eile agus de bharr an measa sin go mbeidh tú ag iarradh a theacht ar an réiteach is fearr.
- Déileáil leis an aighneas atá ag tarlú faoi láthair. Ná bí ag caint faoi aighneas a tharla san aimsir chaite. Ba cheart déileáil leis an bhfadhb atá agaibh an nóiméad sin.
- Déan cinneadh an fiú aighneas a bheith agat. Baineann sé go leor fuinnimh as duine aighneas a réiteach agus uaireanta, ag braith ar an gcás, ní fiú an tairbhe an trioblóidí.
- Bí toilteanach maithiúnas a thabhairt do dhuine. Ní féidir a theacht ar réiteach aighnis mura bhfuil tú sásta maithiúnas a thabhairt do dhuine.
- Uaireanta caithfear dearmad a dhéanamh ar aighneas. Murar féidir a theacht ar réiteach ar aighneas ba cheart dearmad a dhéanamh air.
Plé sa rang
I noda uimhir a ceathair molann sé cinneadh a dhéanamh an fiú aighneas a bheith ann i gcásanna faoi leith mar go mbaineann sé go leor fuinnimh as duine oibriú tríd aighneas agus uaireanta, ag braith ar an gcás, ní fiú an trioblóid a tharraingíonn sé. Déan plé sa rang ar chás inár lig tú le haighneas mar nárbh fhiú an trioblóid é.
Gluais
Aighneas i gcaidreamh – Conflicts in relationship
Luachanna– Value’s
Míthuiscint –Misunderstanding
Leithleiseach –Selfish
Easaontas –disagreement
Foréigean fisiciúil -Physical violence
Meas– Respect
Maithiúnas – Forgiveness
Toilteanach -Willing