Ag caitheamh tobac
Tugtha do chaitheamh tobac
Caitheamh fulangach tobac
Is éard is caitheamh fulangach tobac ann ná nuair a ionanálaíonn duine nach gcaitheann tobac isteach deatach duine atá ag caitheamh tobac.
Déanann an deatach seo an dochar céanna duit agus a dhéanann sé don duine atá ag caitheamh an tobac.
Roinnt blianta siar tháinig riail isteach a chur cosc ar dhaoine tobac a chaitheamh sa chuid is mó d’áiteanna poiblí.
Cén fáth a gcaitheann déagóirí tobac?
Seo a leanas cuid de na fáthanna go gcaitheann déagóirí tobac:
- Brú piara
- Chun cur as do thuismitheoirí
- De bharr go bhfuil siad leadránach
- Ag iarraidh taithí a fháil
- Féin-íomhá
- Chun mothú muiníneach
Tá dochar ag baint le caitheamh toitíní. I measc na gcontúirtí sláinte tá :
- Galar croí
- Ailse
- Droch-imshruthú
- Broincíteas
- Stróc
- Eimfiséime (galar sna scamhóga)
Is féidir le caitheamh toitíní idir 10-15 bliana a bhaint de do shaol.
Chomh maith leis na contúirtí sláinte bíonn éifeachtaí eile ag tobac ort:
- Cuireann sé boladh ar do ghruaig, anáil agus éadach.
- Téann d’fhiacla buí.
- Téann d’ingne agus méara buí.
- Faigheann tú níos mó roc.
Fíricí faoi chaitheamh tobac :
- Faigheann 5,700 duine bás in Éirinn gach bliain mar thoradh ar chaitheamh tobac, go príomha de bharr tinnis cosúil le hailse scamhóg, galar croí, eimfiséime (galar sna scamhóga) agus stróc.
- Tagann 90% den ailse scamhóg mar thoradh ar chaitheamh tobac.
- Cosnaíonn sé €1 billiúin sa mbliain cúram sláinte a sholáthar do dhaoine a chaitheann tobac.
- Go hiondúil, bíonn daoine a bhfuil andúil acu i dtobac faoi aois.
- Tá nicitín níos andúile ná hearóin, cócaon, cannabas, alcól nó caiféin.
- Is é an dlí go dtabharfar cosaint dúinn ar a bheith ag análú deataigh i n-áiteanna poiblí, m.s scoil, obair, siopaí agus bialanna.
- Tá 270% níos mó nicitín i caitheamh fulangach tobac agus tá 100 % níos mó carcanaiginí (cúis le hailse) ann ná mar a fhaightear ó bheith ag caith tobac go díreach.
- Baineann gach toitín a chaitheann tú 5.5 nóiméad ó do shaol.
- Iarmhairtí a bhíonn ag caitheamh tobac ar an gcorp :
Is déagóir mé, cén fáth a mbeinn ag éirí as tobac anois nuair is níos déanaí i mo shaol a mhothóidh mé na héifeachtaí?
Tá go leor staidéir déanta ar na éifeachtaí fadtéarmacha a bhaineann le caitheamh tobac ach tá éifeachtaí láithreacha in ann a bheith ag caitheamh tobac ar dhaoine óga. Tá neamhthorthúlacht i measc mná a chaitheann tobac 2-3 huaire níos airde ná iad siúd nach gcaitheann tobac. Tá an ráta rith fola intinne sé huaire níos airde i measc daoine óga a chaitheann tobac ná iad siúd nach gcaitheann tobac.
Déanann caitheamh tobac asma níos measa. Go ginearálta, bíonn gearáin sláinte ógánaigh a chaitheann tobac 25% níos airde ná iad siúd nach gcaitheann tobac.
Tá caitheamh toitíní ar cheann de na fáthanna is mó báis sa domhan forbartha. Is baol mór do dhaoine é, go háirithe do dhaoine óga a chaitheann tobac mar ógánaigh. Má leanann siad ar aghaidh maróidh caitheamh tobac leath díobh siúd sa deireadh, ceathrú díobh siúd faoin am atá siad meánaosta agus ceathrú eile ina seanaois.
Iad siúd a fhaigheann bás go meánaosta (35-69) cailleann siad idir 20 agus 25 bliain ar an meán dá saol . Thosaigh tromlach na ndaoine a fuair bás go meánaosta ag caitheamh tobac mar dhéagóirí.
Dá luaithe sa saol a thosaíonn tú ag caitheamh tobac is é is deacra atá sé éirí astu. Dóibh siúd nár chaith tobac mar dhéagóirí tá i bhfad níos lú seans ann an nós a phiocadh suas mar dhaoine fásta.
Ba cheart éirí as toitíní láithreach. Fiú ag meánaois laghdaíonn sé an baol go mór go bhfaighidh duine galar ar nós ailse nó galar croí má éiríonn sé/sí as tobac. Dá luaithe a stopann tú, is é is mó buntáistí atá ann.
Ag éirí as tobac
Níl sé éasca éirí as tobac. Is é is faide a bheidh tú ag caitheamh tobac, is é is deacra a bheidh sé éirí as. Seo a leanas leideanna chun cúnamh a thabhairt duit éirí as an tobac.
- Déan rogha go bhfuil tú ag iarraidh éirí as tobac. Déan liosta de na fáthanna go bhfuil tú ag iarraidh éirí astu, cúrsaí sláinte agus an costas mar shampla.
- Cruinnigh daoine thart ort a thabharfaidh tacaíocht agus cúnamh duit.
- Faigh réidh le boscaí toitíní, lastóirí agus luaithreadáin.
- Nuair a bhíonn dúil agat i dtoitín déan liosta de na fáthanna arís leat féin cén fáth nach bhfuil tú ag iarraidh tobac a chaitheamh.
- Ól neart uisce, roghnaigh bia sláintiúil agus déan aclaíocht.
- Tabhair duais duit féin nuair a bhaineann tú amach sprioc. Sampla de sprioc na mí gan aon toitín a chaitheamh. Beidh tú in ann duais dheas a thabhairt duit féin leis an airgead atá sábháilte agat.
- Faigh comhairle ón bpoitigéir. B’fhéidir go mbeidh an poitigéir in ann forlíon nicitín a mholadh duit.
Gluais
Tugtha do chaitheamh tobac– addicted to smoking tobacco
Nicitín– nicotine
Caitheamh fulangach tobac – Passive smoking
Deatach – smoke
Neamhthorthúlacht – infertility
rith fola inntine – brain haemorrhage
meánaois – middle age
tromlach– majority
Spleáchas- Dependence
Poitigéir – pharmacist
Forlíon nicitín– nicotine supplement
Plé sa rang
Déan plé sa rang ar na fáthanna, dar libh, a shocraíonn déagóirí tobac a chaitheamh.