Spreagadh agus aidhmeanna
Spreagadh
Is éard is spreagadh ann ná cumhacht nó fuinneamh a chuireann chun tosaigh muid chun ár n-aidhmeanna a bhaint amach. Tá baint ag spreagadh le dúil agus uaillmhian. Spreagann rudaí difriúla daoine difriúla. Teastaíonn spreagadh uainn chun cabhrú linn obair go crua. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimis rudaí ar na fáthanna cearta. I measc na rudaí a spreagann daoine óga tá torthaí scrúdaithe agus caithimh aimsire.
Obair sa Rang
Ainmnigh gníomh a ghlacann tú páirt ann m.sh scoil nó spórt. Déan liosta de na rudaí a spreagann tú chun an gníomh seo a dhéanamh?

Aidhmeanna
Tá sé tábhachtach go leagann tú aidhmeanna soiléire amach duit féin chun spreagadh a choinneáil ionat féin. Tá trí chineál aidhme ann :
1. Aidhm ghearrthéarmach. Seo aidhm a bhíonn le baint amach taobh istigh d’am gearr. Sampla d’aidhm ghearrthéarmach ná aclaíocht a dhéanamh gach lá den tseachtain seo.
2. Aidhm mheántéarmach. Seo aidhm a bhíonn le baint amach taobh istigh de chúpla mí nó bliain. Sampla d’aidhm mheántéarmach ná marcanna arda a bhaint amach i ngach ábhar le haghaidh na bliana.
3. Aidhm fhadtéarmach. Seo aidhm a bhíonn le baint amach agat taobh istigh de chúpla bliain. Sampla d’aidhm fhadtéarmach ná dóthain pointí a fháil chun cúrsa ollscoile a bhaint amach.
Ba cheart go mbeadh na haidhmeanna a leagann tú amach ar do shon féin agus ní ar son duine eile. Faigheann tú sásamh pearsanta as aidhmeanna a bhaint amach.
Gluais
Spreagadh – motivation
Aidhmeanna – goals
Uaillmhian – ambition