Sábháilteacht Phearsanta ar an Idirlíon
Le roinnt blianta anuas tá an t-idirlíon á úsáid mar uirlis shóisialta. Tá méadú ag teacht gach lá ar úsáid líonraí sóisialta, teachtaireachtaí meandracha agus físeán ach ní smaoiníonn daoine go minic ar an éifeacht is féidir a bheith ag an ábhar seo ar a sábháilteacht mhothúchánach agus fhisiciúil.
Comhairle chun fanacht sábháilte ar an idirlíon :

- Fan anaithnid chomh mór agus is féidir.
- Ba cheart eolas atá príobháideach a choinneáil príobháideach.
- Níor cheart eolas cosúil le seoladh, uimhir gutháin agus sonraí bainc a thabhairt.
- Molann saineolaithe go mba cheart caidreamh ar líne a choinneáil sa saol fíorúil. Tá rioscaí ag baint le bheith ag casadh le cairde ar líne mar gur féidir leo cur i gcéill gur duine eile iad.
- Ba cheart ainm bréige a úsáid istigh i seomraí comhrá agus ceann nach dtugann le fios cén inscne thú.
- Má bhíonn tú i gcomhrá seomra a dhéanann míchompordach thú ba cheart logáil amach agus é a insint do thuismitheoir nó duine fásta eile.
- Ná heagraigh go mbuailfidh tú le duine ar chas tú leis ar an idirlíon go brách. An D’fhéadfadh an duine a raibh tú ag caint leis ar an idirlíon ligean air/uirthi féin go raibh siad 14 ach go raibh siad 66.
- Ná déan dearmad nuair a thugann tú eolas nó pictiúr ar láithreán sóisialta cosúil le Facebook, Twitter, Nimble agus Myspace go gcailleann tú smacht ar an ábhar sin. Is féidir le daoine eile é a chóipeáil agus é a úsáid ar bhealaí nach raibh tú ag iarraidh.
Oifig Sábháilteacht Idirlín
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi shábháilteacht idirlín ón Oifig Sábháilteacht Idirlín. Cuireann an Oifig Sábháilteacht Idirlín gníomhaíochtaí straitéiseacha i bhfeidhm chun an caighdeán is airde sábháilteachta ar líne a chur chun cinn.
Suíomh : http://www.internetsafety.ie.
Gluais
sábháilteacht phearsanta – personal safety
uirlis shóisialta – social tool
líonra sóisialta – social network
teachtaireachtaí meandracha – instant messages
anaithnid – anonymous
cur i gcéill – pretend
ainm bréige – fake name
Oifig Sábháilteacht Idirlín – Office for Internet Safety