Sabhailteacht doiteain

Sábháilteacht dóiteáin

Faigheann 46 duine ar meán bás in Éirinn de bharr dóiteán. Fulaingíonn os cionn 1,000 duine gortú ó thine. Sa chuid is mó de chásanna thabharfadh leibhéal réasúnta oideachais agus airdill cosaint in aghaidh an dóiteáin.

Tá trí riail ann chun a chinntiú go mbeidh tú féin agus do chlann sábhailte ó dhóiteán :

Cosaint

Déan cinnte nach dtarlaíonn dóiteán.

Brathadóireacht

Má thosaíonn tine i do theach, tabharfaidh rabhadh luath dóthain ama chun éalú .

Aslonnú

Nuair a fhaigheann tú rabhadh go bhfuil tine ann, ba cheart imeacht as an bhfoirgneamh chomh sciobtha agus chomh héifeachtach agus is féidir ag baint úsáid as plean a bheidh socraithe roimh réidh.

Cosaint in aghaidh dóiteáin
  • Ná fág coinnle ar lasadh gan duine a bheith thart chun súil a choinneáil orthu.
  • Ná fág cipíní ná lastóirí in áit ar féidir le leanaí a theacht orthu.
  • Na seas róghar do thinte ná do théiteoirí.
  • Ná bain úsáid as gléas leictreachas atá lochtach.
  • Bíodh aláram dóiteáin atá ag obair socraithe sa teach.
  • Bain úsáid as spréach-gharda in áit a mbíonn tinte oscailte.
  • Coinnigh doirse inmheánacha dúnta san oíche.