Bulaíocht
Bíonn tionchar ag bulaíocht ar na mílte ógánach agus ar a dteaghlaigh. Mothaíonn ógánaigh a ndéantar bulaíocht orthu scanraithe agus náirithe. Bíonn siad aonraithe go sóisialta agus fulaingaíonn siad ó lagmheas orthu féin. An toradh a bhíonn ar bhulaíocht go minic ná neamhláithreachas ón scoil, drochthorthaí scoile, athrú i bpearsantacht, tinneas agus dúlagar.
Tá cineálacha éagsúla bulaíochta ann :
Bulaíocht chainte
Is féidir le bulaíocht chainte a bheith dírithe ar mhuintir an ógánaigh, a gcultúr, a gcine nó a gcreideamh. Foirm choitianta den bhulaíocht chainte is ea ráflaí mailíseacha. Mothaíonn íospartaigh a ndéantar bulaíocht chainte orthu scanraithe. Mothaíonn íospartaigh a ndéantar bulaíocht chainte orthu nach bhfuil aon chumhacht acu agus nach bhfuil siad in ann a gcuid mothúchán a roinnt le daoine eile.
Bulaíocht fhisiciúil
Déanann cailíní agus buachaillí bulaíocht fhisiciúil ach tá sé níos coitianta i measc na mbuachaillí.
Bulaíocht ghotha
Tá foirm eile den bhulaíocht neamhbhriathra ann, mar shampla an chuma nó an breathnú a dhéanann an bulaí nuair agus an bhulaíocht ar siúl.
Bulaíocht Eisiaimh
Sin nuair a dhéantar aonrú ar ógánach ón ngrúpa. Tá sé deacair déileáil leis an gcineál seo bulaíochta, ach go háirithe, mar go ndéanann sé ionsaí go díreach ar fhéinmhuinín agus ar fhéiníomhá an ógánaigh.
Bulaíocht Sracaidh
Déantar an cineál seo bulaíochta ar ógánaigh trí airgead nó trealamh a éileamh uathu, nó trí bhagairt a dhéanamh orthu.
Cibearbhulaíocht
Tarlaíonn seo nuair a bhaineann an bulaí úsáid as an idirlíon chun bulaíocht a dhéanamh. Tá an cineál seo bulaíochta ag éirí níos coitianta de réir mar atá an teicneolaíocht ag fás agus ag forbairt. Baintear úsáid as an téarma ‘cibearbhulaíocht’ nuair a dhéantar bulaíocht ar dhuine óg trí theicneolaíochtaí digiteacha agus fóin soghluaiste, trína náiriú, trí bagairtí agus trí chiapadh.
Tá dhá chineál cibearbhulaíochta ann :
Ionsaí díreach ina gcuirtear teachtaireachtaí go díreach chuig an ógánach agus ionsaí trí ionadachina mbaintear úsáid as duine nó daoine eile chun cibearbhulaíocht a dhéanamh ar an íospartach.
Samplaí d’iompar cibearbhulaíochta:
Teachtaireachtaí ionsaitheacha nó magadh ar Facebook, Twitter agus araile.
- Tráchtanna, físeáin nó íomhánna maslacha ar líne
- Scaipeadh cúlchainte ar líne
- Briseadh isteach ar do chuntas ar líne
Chun cibearbhulaíocht a sheachaint:
- Na tabhair do phasfhocal d’aon duine.
- Logáil amach as do ríomhphost nó as Facebook i gcónaí.
- Bíodh sé de nós agat logáil amach go háirithe nuair a bhíonn tú ag úsáid ríomhaire poiblí.
- Roghnaigh do chairde ar Facebook go cúramach. Tá sé tábhachtach go smaoineofá ar cé a bhfuil tú ag iarradh do chuid eolais a roinnt leis nó léithe.
- Bí múinte le daoine eile ar Facebook. Smaoinigh ar céard atá á rá agat ar fhaitíos go ngortódh tú nó go náireodh tú duine eile.
Chun déileáil le cibearbhulaíocht:
- Ná freagair aon duine atá ag déanamh na cibearbhulaíochta ort.
- Ba cheart do ghuthán nó do ríomhaire a mhúchadh.
- Mura bhfaigheann an bullaí aon fhreagra, seans maith go n-éireoidh sé/sí bréan den scéal agus go stopfaidh siad.
- Cuir do sholáthraí seirbhís idirlín ar an eolas. B’fhéidir go mbeadh siad in ann stop a chur le cuid de na teachtaireachtaí ar líne nó de na glaochanna agus teachtaireachtaí ar an bhfón.
- Athraigh do shonraí teagmhála. Roghnaigh ainm úsáideoir nua, pasfhocal, seoladh ríomhphost nó uimhir.
- Má tá na teachtaireachtaí tromchúiseach agus bagrach ba cheart dul go dtí na Gardaí.
- Chun cuidiú leis naGardaí, ba cheart duit cuntas a choinneáil ar am agus ar dhátaí na dteachtaireachtaí.
Cén fáth a ndéanann daoine bulaíocht?
Tá go leor tosca i gceist leis na fáthanna a ndéanann daoine bulaíocht. Bíonn tosca sa bhaile, ar scoil agus sa phobal i gcoitinne bainteach le hiompar ionsaitheach. Ar na tosca baile a d’fhéadfadh a bheith mar chúis tá, easpa ceana agus cúraim, an iomarca saoirse, cruálacht, tuismitheoirí foréigneacha agus ar na tosca scoile a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá pionós ródhian, náireach agus maslach agus easpa feitheoireachta.
Tionchar na bulaíochta
Seo cuid de na tionchair a d’fhéadfadh bulaíocht a chur ar mhic léinn :
- Strus
- Laghdú cumais chun díriú isteach ar obair scoile
- Easpa spreagthachta agus fuinnimh
- Obair scoile lag
- Imní
- Easpa goile nó ag ithe go leor
- Dúlagar
- Fadhbanna codlata
- Fadhbanna boilg agus putóige
Céard is féidir a dhéanamh faoin bhulaíocht
Má tá bulaíocht á dhéanamh ort ba cheart duit é a insint do tuismitheoir, do mhúinteoir nó do chara a bhfuil muinín agat astu. Nuair a insíonn tú do dhuine éigin faoin bhulaíocht ba cheart duit a insint cé atá á dhéanamh, cé chomh minic agus atá sé ag tarlú,cé eile a bhfuil fhios acu faoina bhfuil ag tarlú .
Gluais
Bulaíocht– Bullying
Bulaíocht chainte– Verbal bullying
Bulaíocht fhisiciúil– Physical bullying
Bulaíocht ghotha– Gesture bullying
Bulaíocht Eisiaimh– Exclusion bullying
Bulaíocht Sracaidh– Extortion bullying
Cibearbhulaíocht– Cyberbullying
Ionsaí díreach– Direct attack
Trí ionadach– By proxy