An coras atairgthe

An corás atáirgthe

I rith bhlianta an caithreachais, athraíonn go leor rudaí taobh istigh agus taobh amuigh den chorp. Seo a leanas páirteanna an chórais atáirgthe agus cur síos ar a bhfeidhm.

Orgáin Mná

Faighin

Is í an fhaighin an chuid den chóras atáirgthe taobh amuigh den chorp atá le feiceáil . Tá an tiúb seo déanta as matáin agus ceanglaíonn sé an bhroinn leis an taobh amuigh den chorp.

Ceirbheacs

Téann an fhaighin go dtí an ceirbheacs nó chuig muineál na broinne. Le linn breithe, téann an leanbh tríd an oscailt seo.

An bhroinn

Orgán folamh is ea an bhroinn ina bhfuil ballaí le matáin. Is féidir leis na matáin seo sínigh chun paiste a choinneáil. Ainm eile a thugtar ar an bhroinn ná an útaras. Bíonn an bhroinn thart ar chóimhéid le piorra. Ligtear leis an líneáil i rith míostraithe

Feadán Fallópach

Ceanglaíonn an dá fheadán fhallópacha atá ar chaon taobh den fheadán fallópach an bhroinn leis na hubhagáin.

Ubhagáin

Bíonn péire acu seo ann, ceann ar chaon taobh den chorp. Déantar ubhagáin a storáil iontu agus gach mí scaoiltear le hubh atá aibí ó chaon cheann acu. Tosaíonn siad ag aibiú le linn an chaithreachais. Déanann ubhagáin hormóin freisin agus rialaíonn siad sin an chaoi n-oibríonn an corás atáirgthe.

Orgáin fir

Péineas

Bíonn an péineas le feiceáil amuigh taobh amuigh den chorp.

Magairle

Píosa de chraiceann scaoilte is ea an cadairne ina mbíonn na magairlí.

Speirm

Tairgíonn na magairlí an speirm agus taistealaíonn an speirm tríd na duchtanna speirm taobh istigh don chorp chuig an bpéineas.

Téististéarón

Tairgíonn na magairle Téististéaróin . Sin an hormóin a rialaíonn forbairt gnéis an fhir.