Ag déileáil le fearg
Is féidir le hathruithe coirp i rith an chaithreachais agus strus a bheith mar chúis le fearg a bheith ar dhaoine. Is mothúchán nádúrtha í an fhearg ach is é an rud tábhachtach faoin bhfearg ná an bealach a ndéileálann tú léi.
Samplaí de nithe a chuireann fearg ar dhaoine
- Nuair a insíonn cara bréag duit
- Nuair nach bhfaigheann tú an rud atá uait
- Nuair nach n-éisteann daoine leat
Obair sa Rang
Déan liosta de na nithe a chuireann fearg ort.

Ag déileáil le do chuid feirge
Is mothúchán cumhachtach í an fhearg, mar sin, is dúshlán é déileáil léi. Mar gheall go bhfuil gach duine difriúil tá bealaí difriúla ag gach duine chun déileáil le mothucháin fheargacha.
- Ba cheart a bheith eolach ar cén chaoi a bhfuil tú ag mothú agus cén fáth. Nuair a thagann fearg ort ba cheart duit do chuid mothúchán a aithint agus fiafraigh díot féin cén fáth a mothaíonn tú ar an gcaoi seo.
- Ba cheart féinsmacht a bheith agat. Chun féinsmacht a bheith agat ort féin ba cheart go smaoineofá sula ndéanann tú gníomh. Má mhothaíonn muid mothúchán láidir agus má dhéanann muid gníomh ar an mothúchán sin gan smaoineamh, go minic beidh aiféala orainn tar éis an gníomh a dhéanamh.
- Ba cheart duit anáil domhain a tharraingt agus comhaireamh go dtí 10.
- Mínigh don duine a bhfuil tú feargach leis cén fáth a bhfuil tú ag mothú ar an gcaoi sin. Déan é ar bhealach réidh .
- Faigh bealach chun ligean le fearg, mar shampla dul ag siúl nó ag rith.
Gluais
Fearg– anger
Caithreachas – Puberty
Eolach – aware
Féinsmacht – self-control