Scileanna Staidéir

Scileanna Staidéir
Éist go maith sa rang!stidear

Tá sé tábhachtach éisteacht go maith sa rang. Is de bhéal a chuireann múinteoirí an chuid is mó den ábhar i láthair sa rang. Is rud amháin é an múinteoir a chloisteáil ach is rud eile ar fad é éisteacht leis an múinteoir. Chun éisteacht leis an múinteoir caithfidh tú aird a thabhairt, smaoineamh a dhéanamh faoin ábhar a bhfuil tú ag éisteacht leis, agus próiséail mheabhrach a dhéanamh ar an rud a bhfuil tú ag éisteacht leis. Seo a leanas roinnt leideanna chun cabhrú leat éisteacht go maith sa rang:

  • Déan an cinneadh go n-éistfidh tú go cúramach sa rang. Bí cinnte agus an réamhobair ranga a dhéanamh. Smaoinigh arís tar éis an ranga faoin méid a pléadh sa rang.
  • Éisteacht dhírithe. Aimsigh na rudaí a bhfuil tú ag súil lena bhfoghlaim sa rang. Bí ag éisteacht le haghaidh na rudaí seo agus an múinteoir ag labhairt le linn an ranga.
  • Éist le haigne oscailte. Tá sé go maith ceisteanna a chur chomh fada agus a bheidh tú sásta éisteacht le tuairimí daoine eile chomh maith le do thuairimí féin.
  • Tabhair aird ar an méid atá le rá ag an múinteoir. Cabhraíonn sé aird a choinneáil má shuíonn tú chun tosaigh sa rang nó i lár an tseomra. Freisin, tá sé go maith teagmháil súl a choinneáil le do mhúinteoir.
  • Bí i do éisteoir gníomhach. Tá tú in ann smaoineamh níos scioptha ná mar atá an múinteoir in ann labhairt. Bain buntáiste as sin agus déan léirmheas ar an méid atá á rá agus smaoinigh céard é an chéad rud eile a déarfaidh an múinteoir.
Nótaí a bhreacadh sa rang

Tá sé tábhachtach mar ullmhúchán do scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh nótaí maithe a bheith agat. Tá an t-eolas a chuireann múinteoirí ar fáil tábhachtach. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé de chumas agat nótaí maithe a bhreacadh síos. Deirtear go bhfuil trí chéim ag baint le nótaí a bhreacadh – rudaí áirithe a chaithfear a dhéanamh roimh an rang, i rith an ranga agus i ndiaidh an ranga.

Roimh an rang

Breathnaigh siar ar do chuid nótaí ón rang deireanach. Is fearr a bheidh tú in ann cuimhneamh ar an ábhar a clúdaíodh ann agus is fearr a thuigfidh tú an t-eolas nua a thabharfaidh an múinteoir duit.

Nótaí a bhreacadh i rith an ranga

Dírigh d’aird ar an méid atá á rá ag do mhúinteoir sa rang. Éist le haghaidh ráiteas a thabharfaidh le fios go bhfuil an t-ábhar tábhachtach: “Is é an pointe is tábhachtaí ná…”; “ Cuimhnigh go…”. Breac síos na nótaí ar fad a chuirtear ar an gclár dubh.

Tar éis an ranga

Scríobh do chuid nótaí amach arís tar éis an ranga. Scríobh amach ina n-iomlán na focail sin a scríobh tú i bhfoirm ghearr sa rang. Aistrigh abairtí gearra ina n-abairtí níos faide. Bain úsáid as téacsleabhar agus foinsí eile chun ábhar sa bhreis a chur le do nótaí ranga.

Plé sa Rang

Tá bealaí difriúla ag daoine difriúla chun staidéar a dhéanamh. Fiafraigh de dhaoine eile i do rang an bhfuil noda úsáideacha staidéir acu m.sh. líne a chur faoi fhocal tábhachtach.

Scileanna Cuimhne
Rím a dhéanamh

Is bealach maith é rím chun cuimhneamh ar ghnéithe casta d’ábhar. Más deacair agat cuimhneamh ar abairtí móra fada, nó fiú amháin liosta fada, déan rím amach as. Mar shampla, má bhíonn ort liosta tréithe a fhoghlaim san eolaíocht, tóg an chéad litir de gach tréith agus déan abairtí éasca díobh a bhfuil tú in ann rím a dhéanamh astu.

Scéal a chumadh

Má dhéanann tú scéal as na gnéithe a bhfuil ort foghlaim fúthu, ní bheidh deacrachtaí ar bith agat cuimhneamh orthu. Mar shampla, má bhíonn ort liosta de chomhábhair a fhoghlaim le haghaidh eacnamaíocht bhaile, déan scéal astu a mbeidh sé éasca agat féin cuimhneamh air.

Athscríobh

Seans go gcuimhneoidh tú níos fearr ar rud má scríobhann tú síos é arís agus arís eile. Spreagann sé seo d’aigne le greim a fháil ar an eolas agus é a choimeád i do chloigeann i gcónaí. Ansin, nuair a thiocfaidh sé go dtí aimsir na scrúduithe, ní bheidh fadhb ar bith agat an t-eolas a scríobh síos arís.

Abair ós ard é

Bíonn an cleas seo ina chuidiú ag daoine áirithe chun cuimhneamh ar rudaí. Má léann tú amach ós ard roinnt uaireanta an píosa a chaithfidh tú a fhoghlaim, seans go bhfanfaidh sé i d’aigne. Chomh maith leis sin, má labhraíonn tú le do chairde faoin ábhar, beidh sibh in ann cabhrú lena chéile cuimhneamh ar an ábhar. Seans go mbeidh do chara i bponc le píosa a cheapann tusa a bheith éasca, agus go mbeidh do chara ag ceapadh go bhfuil an píosa a bhfuil deacrachtaí agatsa leis éasca.

Diaidh ar ndiaidh

Má thosaíonn tú amach leis an gcuid is deacra, beidh fonn níos mó ort na píosaí éasca a fhoghlaim nuair a thiocfaidh tú chomh fada leo. Nuair a chuimhníonn tú ar na giotaí deacra ar dtús, dúisíonn d’intinn agus ní bheidh fadhb agat leis an gcuid eile ansin.

Plé sa Rang

Tá bealaí difriúla againn ar fad le cuimhneamh ar rudaí. Inis do do chairde faoi aon nod atá úsáideach agatsa chun cuimhneamh ar ábhar scoile.

Fíricí éagsúla suimiúla faoin bhfoghlaim!
  • Is féidir le boladh smaoineamh a thabhairt ar ais chun cuimhne. Is mó seans atá ann go gcuimhneoidh tú go soiléir ar an smaoineamh má fhaigheann tú an boladh a fuair tú nuair a tharla sé.
  • Is féidir le focail tionchar a imirt ar an dóigh a ndéanann tú gníomh. Rinne roinnt saineolaithe turgnaimh inar léigh na rannpháirtithe amach liosta focal sula ndearna siad gníomh. Iad siúd a léigh focail a bhain leis an tseanaois (m.sh sean, mall) thóg sé níos faide orthu siúl trasna an tseomra ná iad siúd a léigh liostaí eile.
  • Leanaí a fhoghlaimíonn dhá theanga sula mbíonn siad 5 bliana d’aois bíonn struchtúr difriúil intinne acu le leanaí a fhoghlaimíonn teanga amháin.
  • Bíonn an intinn ag fás go dtí go mbíonn an duine 18 mbliana d’aois.
  • Má bhíonn easpa codlata ort beidh sé níos deacra smaointe a choimeád i d’intinn.