Sábháilteacht phearsanta
Tá sé tábhachtach a bheith airdeallach ar do shábháilteacht. Tá sé tábhachtach fanacht amach as suíomhanna dainséarach. Níor cheart go mbeadh an meon againn “níl sé chun tarlú domsa “ i leith ár sábháilteachta. Ciallaíonn sábháilteacht phearsanta gan siúl abhaile san oíche leat féin ag insint do dhuine cá bhfuil tú ag dul agus gan síob a thógáil ó strainséirí.
Comhairle chun fanacht sábháilte :
- Bí airdeallach nuair a bhíonn tú amuigh ag siúl leat féin.
- Is smaoineamh maith é siúl in éineacht le cúpla duine in áit a bheith ag siúl leat féin
- Siúil in áiteanna ina bhfuil neart solais agus daoine
- Mura mothaíonn tú compordach in áit fág chomh luath agus atá tú in ann
- Ná labhair le strainséirí, fiú má thagann siad trasna ar nós go bhfuil siad go deas.
- Ná tóg síob ó strainséirí.
- Má fheiceann tú duine a bhfuil ionsaí á dhéanamh air, glaoigh ar 999
- Má tá tú féin nó duine a bhfuil aithne agat air i ndainséar, nó má theastaíonn comhairle uait i dtaobh sábháilteacht phearsanta, ba cheart glaoch ar na seirbhísí éigeandála ag 999 nó glaoch ar do Staisiún Garda áitiúil.
Faigh tuilleadh tacaíochta agus eolais ó na eagraíochtaí seo a leanas :
Rape Crisis Network Ireland ( RCNI )
Suíomh : www.rcni.ie/hlp map.htm
Soláthraíonn an RCNI tacaíocht agus eolas do na hionaid éigeandála um éigniú timpeall na tíre.
National Network of Womens Refuges and Support Services ( NNWRSS )
Suíomh : www.nnerss.com/index.htm.
Oibríonn an eagraíocht seo chun deireadh a chur le gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus leanaí.
AMEN
Suíomh : www.amen.ie
Is grúpa deonach é AMEN a sholáthraíonn líne chabhrach, eolas agus séirbhís tacaíochta le haghaidh íospartaigh fhireann d’fhoréigean teaghlaigh, agus a gcuid gasúr.
Women’s Aid
Suíomh : www.womensaid.ie
Solathraíonn Women’s Aid tacaíocht dhíreach chuig mná atá ag fáil fulaingt de bharr foréigin agus mí-úsáid ó fhir.
Sábháilteacht Uisce na hÉireann
Suíomh : www.iws.ie
Cuireann an eagraíocht seo sábháilteacht uisce chun cinn sa tír.
Gluais :
Sábháilteacht phearsanta – Personal Safety
suíomhanna dainséaracha – Dangerous situations
síob – Lift
Comhairle – Advice
Sábháilteacht Uisce na hÉireann – Irish Water Safety