Piarbhrú

Piarbhrúpeer pressure

Níl sé neamhchoitianta go mbeadh duine ag iarraidh a bheith páirt de ghrúpa agus den phobal. Tarlaíonn piarbhrú nuair a bhíonn tionchar orainn rud a dhéanamh nach ndéanfadh muid de ghnáth. Déanann muid é mar go bhfuil muid ag iarraidh go nglacfadh ár bpiaraí linn. Is piara é duine atá ar comhaois linn, duine atá den chumas céanna linn, cara, duine den phobal nó réalta ceoil nó teilifíse.

Cén éifeacht a bhíonn ag piarbhrú orainn?

Is féidir le piarbhrú tionchar a bheith aige orainn ar go leor bealaí:

  • Rogha faisin
  • Úsáid alcóil agus drugaí
  • Rogha buachaill cara nó cailín cara
  • Dul chun cinn acadúil
An fód a sheasamh in aghaidh phiarbhrú – “níl” a rá

Bíonn sé deacair ag ógánaigh áirithe an fód a sheasamh in aghaidh phiarbhrú. Mothaíonn déagóirí go bhfuil sé níos éasca an rud céanna le gach duine eile a dhéanamh seachas diúltú nuair atá gach duine eile ag caitheamh toitín nó ag ól alcóil. Tá sé tábhachtach smaoineamh go bhfuil sé ceart go leor an fód a sheasamh agus “níl” a rá. Ba cheart “níl” a rá muna bhfuil tú compordach agus muna bhfuil tú ag iarraidh an gníomh a dhéanamh. Tógann sé duine láidir “níl” a rá. Má mhíníonn tú na fáthanna atá agat le “níl” a rá, beidh meas ag daoine eile ort.

Plé sa rang

Déan plé sa rang ar bhealaí eile a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag piarbhrú ar dhéagóirí.