Obair bhaile
Cén fáth a bhfaigheann muid obair bhaile ?
Is é an aidhm le hobair bhaile ná breis am foghlama a sholáthar agus treisiú a dhéanamh ar ábhar an lae. Tá buntáistí eile ag baint le hobair bhaile, tugann obair bhaile an deis cleachtadh a fháil ar scileanna staidéir, scileanna bainistiú ama, neamhspleáchas agus freagracht.
Obair bhaile nuair atá tú ag tosú sa chéad bhliain
Tá sé deacair ar chuid daltaí sa chéad bhliain dul i dtaithí ar an obair bhaile sa chéad bhliain agus iad ag tosú ar an meánscoil. Tá an obair bhaile a fhaigheann daltaí sa mheánscoil dhifriúil leis an obair bhaile a d’fhaighidís sa bhunscoil mar tá níos mó ná múinteoir amháin acu. Mar gheall go bhfuil níos mó ábhar ann freisin bíonn níos mó d’ualach oibre i gceist. Tá sé riachtanach go dtiocfaidh daltaí ar ghnáthamh obair bhaile a oibríonn dóibh féin.
Seo a leanas roinnt noda le cabhrú le dea-ghnáthamh obair bhaile:
Áit: Faigh áit chiúin, le spás agus solas chun obair bhaile a dhéanamh ann. Roghnaigh áit nach mbeidh aon rud ag cur isteach ar do chuid oibre. Bíodh do threalamh obair bhaile ar fad agat, mar shampla áireamhán, pinn agus leabhra.
Sceideal: Bíodh obair bhaile agus staidéar mar chuid de do nós laethúil.
Tuiscint: Déan cinnte go dtuigeann tú an obair bhaile sula bhfágann tú an scoil. Mura dtuigeann tú an obair bhaile ar scoil déan cinnte go bhfaigheann tú soiléiriú ón múinteoir.
Staidéar
Tá sé tábhachtach staidéar a dhéanamh go rialta. Tabharfaidh staidéar an deis duit níos mó ama a chaitheamh ar ábhar, treisiú a dhéanamh ar an ábhar agus breis ábhair a fhoghlaim. Má dhéanann tú staidéar déanfaidh sé an tsúil siar ag am scrúdaithe níos éasca. B’fhéidir nach mbeidh sé éasca am a thabhairt do staidéar gach oíche ach má chruthaíonn tú amchlár staidéir déanfaidh sé níos éasca é bainistiú a dhéanamh ar staidéar.
Gluais
Treisiú – Reinforcement
Neamhspleáchas – Independence
Gnáthamh – Habit
Trealamh – Equipment
Áireamhán – Calculator
Soiléiriú – Clarification