Dea-nósanna staidéir
Ullmhaigh áit fheiliúnach staidéir
Ullmhaigh áit fheiliúnach ina dtig leat staidéar a dhéanamh, áit nach mbeidh aon duine ag cur isteach ort, áit atá compordach agus ina bhfuil do chuid ábhar obair bhaile ar fad timpeall ort.
Ná déan an iomarca staidéir ag aon am amháin
Níor cheart an iomarca staidéir a dhéanamh ag aon am amháin. Tiocfaidh tuirse ort agus ní bheidh tú ag obair go héifeachtúil. Roinn an obair thar thréimhsí níos giorra ama. Is nós maith é briseadh gearr a thógáil go rialta.
Socraigh am staidéir
Socraigh am ar leith chun staidéar a dhéanamh tar éis duit an obair bhaile agus obair eile a bhaineann le hobair scoile a dhéanamh. Déan iarracht an t-am céanna a choinneáil ar leataobh gach lá chun staidéar a dhéanamh. Tugann sé seo deis duit dea-ghnáthamh staidéir a chruthú. Má bhíonn am staidéir mar chuid de do ghnáthamh laethúil beidh an staidéar níos éasca ort.
Ná cuir an staidéar ar an mhéar fhada
Bíonn sé de nós ag daoine an staidéar a chur ar an mhéar fhada. Déanann daltaí leithscéal nuair a bhíonn sé in am staidéir mar nach dtaitníonn an staidéar leo. Samplaí de leithscéalta a dhéanamh nuair a bhíonn sé in am staidéir ná bualadh le cairde agus breathnú ar an teilifís. Ba cheart cloí leis an am staidéir atá socraithe.
Déan na ceachtanna is deacra ar dtús
Déan obair ar an cheacht is deacra ar dtús. Teastaíonn an iarracht is mó i gcás na gceachtanna is deacra. Ar an bhealach seo beidh tú in ann an méid is mó fuinnimh a chaitheamh ar na ceachtanna deacra.
Múch d’fhón
Múch d’fhón nuair atá tú i mbun staidéir. Fág glaonna agus téacsanna chuig cairde go dtí tar éis am staidéir.
Scileanna Staidéir
Ag tógáil nótaí
Is ceart nótaí ón chéad bhliain a choinneáil mar ullmhúchán don Teastas Sóisearach. Tá nótaí úsáideach freisin le haghaidh scrúduithe um Nollaig agus sa samhradh. Is é an aidhm atá le nótaí a bhreacadh ná achoimre a dhéanamh ar an mhéid atá foghlamtha.
Treoirlínte chun nótaí a thógáil
- Éist go maith sa rang agus déan pointí de na rudaí tábhachtacha a bhíonn le rá ag an mhúinteoir.
- Cuir teideal ar do chuid nótaí.
- Bain úsáid as pointí.
- Cuir líne faoi fhocail atá tábhachtach.
- Scríobh síos tagairtí do théacsleabhair. Beidh tú in ann teacht ar níos mó eolais nuair is gá.
Scileanna Cuimhne – Straitéisí
Baineann daoine úsáid as straitéisí éagsúla chun cuimhneamh ar eolas.
Abairtí acrainm
Seo straitéis an-úsáideach chun cuimhneamh ar eolas in ord áirithe. Is éard is abairt acrainm ann ná nuair a úsáidtear an chéad litir den fhocal san eolas chun cuimhneamh air.
Spléachchártaí
Is uirlis an-chumhachtach iad spléachchártaí chun cuidiú leat smaoineamh ar eolas cosúil le foirmle matamaitice.
Scéal
Is bealach é cumadh scéalta chun cuimhneamh ar liosta eolais.
Comhrá sa Rang
Má tá aon straitéisí cuimhne agat abair leis an rang iad.