OSPS-
Cuid thábhachtach de bheith ag mothú agus ag breathnú go maith is ea do chorp a choinneáil glan.
Coinneáil glan
Tá sé tábhachtach tú féin a choinneáil glan.. Seo a leanas roinnt eolais bhunúsach chun go mothóidh tú go maith.
Boladh glan :
Tosaíonn boladh trom ag teacht ó do chorp nuair a shroicheann tú caithreachais. An cúis atá le boladh coirp ná :
- Ceimicí san allas
- Fuíollábhar a thagann amach tríd an gcraiceann
- Baictéir ar an gcraiceann
- Éadach nach bhfuil nite, stocaí agus fo-éadaí, ach go háirithe.
Níochán
Tóg cith agus folcadh gach lá agus úsáid díbholaíoch. Nigh tú féin má tá tú tar éis allas a chur.
Éadach
Faigheann éadaí salach, mar sin is ceart iad a athrú agus a níochán go rialta – go háirithe na fo-éadaí agus na stocaí mar go luíonn héadaí sin chomh gar don chraiceann agus bailíonn siad cealla caillte agus allas.
Gruaig
Cruthaíonn do phlait cealla craicinn caillte, allas agus ola, mar sin tá sé tábhachtach do ghruaig a níochán go maith go laethúil.
Fiacla
Ba cheart d’fhiacla a níochán agus úsáid a bhaint as flas faoi dhó sá lá, ar a laghad. Fanann bia agus siúcra i do bhéal agus lobhann siad na fiacla.
Lámha
Meallann lámha galair agus salachar. Faightear an chuid is mó de ghalair, go hairithe slaghdán agus pianta boilg, ó bheith ag cur lámha nach bhfuil nite suas chuig d’éadán.
Cosa
Tá na faireoga allais is mó i do chosa, mar sin ba cheart do chosa a níochán gach lá.
Díospóireacht sa Rang
Tá aithne agat ar dhuine a bhfuil fadhb acu le boladh coirp. Bíodh díospóireacht sa rang agaibh faoin mbealach is fearr chun deileáil leis an bhfadhb ó na roghanna seo leanas :
- An duine sin a aonrú.
- Oscail na fuinneoige agus scaoil le húraitheoir aer sa rang.
- Labhair leis an duine go príobháideach agus inis dóibh go mb’fhéidir go bhfuil fadhb acu le boladh coirp.