Cumarsaid

Cumarsáid

Tá sé tábhachtach mar dhéagóir go bhfaigheann tu cleachtadh ar an dóigh le do chuid mothúchán agus do chuid smaointe a chur in iúl do dhaoine eile ar bhealach éifeachtach, sláintiúil. Mar dhéagóir athraíonn do chorp i rith caithreachais. I rith caithreachais athraíonn mothúcháin go minic agus uaireanta bíonn sé deacair na mothúchain seo a chur in iúl. Tá dhá bhealach ann chun mothúcháin a chur in iúl:

Cumarsáid i bhFocail

Seo nuair a deir tú amach an rud atá tú ag iarraidh a chur in iúl.

Cumarsáid gan Fhocail

Seo nuair a dhéantar cumarsáid trí chomharthaíocht choirp. Samplaí de chomharthaíocht choirp ná gothaí gnúise, ag ithe d’ingne, ag gáire le duine agus ag filleadh do lámh nuair atá duine ag caint leat.

Gníomhaíocht

Breathnaigh ar na pictiúir seo a leanas. I ngrúpaí de bheirt déan cur síos ar an méid atá le foghlaim ó chomharthaíocht choirp na ndaoine seo.

graphic

Scileanna cumarsáide

Seo a leanas scileanna cumarsáide a thabharfaidh cúnamh duit do chuid mothúchán a chur in iúl go héifeachtach:

  • Teagmháil súl: Déan teagmháil súl leis an duine a bhfuil tú ag caint leis. Tugann teagmháil súl le fios go bhfuil suim agat sa mhéid atá le rá ag an duine a bhfuil tú ag caint leis.
  • Éist: Tá sé tábhachtach éisteacht leis an duine atá ag caint. Tá sé seo riachtanach chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Má éisteann tú le duine tabharfaidh sé seo le fios dó nó di go bhfuil a gcuid tuairimí chomh tábhachtach céanna le tuairimí daoine eile.
  • Bí treallúsach. Ciallaíonn sé seo go ndeir tú go soiléir céard atá tú ag iarraidh agus cén chaoi a mothaíonn tú gan a bheith ag screadach agus ag goilliúint ar dhaoine eile.
  • Ná bí ionsaitheach. Má dhéanann tú raitéas diúltach faoi dhuine eile nó má bhíonn tú mímhúinte le duine ciallaíonn sé go bhfuil tú ionsaitheach. Ní bealach éifeachtach é chun do chuid mothúchán a chur in iúl.
  • Ná bí éighníomhach faoi do chuid mothúchán. Ciallaíonn sé seo nach ndéanann tú aon ghníomh faoi do chuid mothúchán. Ní chuireann tú do chuid mothúchán in iúl go soiléir.