Cothú agus Aclaíocht
Tá sé tábhachtach go bhfaigheann corp ógánaigh na cothaithigh chearta chun fás agus forbairt cheart a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go roghnaíonn muid bia a bhfuil neart cothaitheach ann dúinn. Maireann ógánaigh i sochaí atá gnóthach agus mar sin bíonn sé deacair an t-am a fháil chun ithe go sláintiúil. Go minic, itheann ógánaigh an rud is scioptha is féidir leo a réiteach agus go minic is é an bia scioptha sin is lú a mbíonn cothaithigh ann. B’fhéidir nach mbeidh éifeacht ag easpa cothaitheach ar ógánaigh láithreach ach is féidir drochéifeacht a bheith orthu níos déanaí ina saol.
Cailciam agus Iarann
Cuirtear béim faoi leith ar na cothaithigh cailciam agus iarann mar go bhfuil ról tábhachtach acu i bhforbairt déagóra. Tá iarann tábhachtach do chailíní go háirithe mar gur féidir easpa iarainn a bheith orthu de bharr míostrú. Tá cailciam tábhachtach freisin le haghaidh shláinte na todhchaí. Déantar mais cnámh a fhoirmiú i rith bhlianta an déagóra. Tá sé tábhachtach go ndéantar mais cnámh cheart a fhoirmiú chun galar na gcnámh briosc a sheachaint.
Éifeachtaí Bia Beagmhaitheasa
Seo a leanas cuid de na héifeachtaí a bhaineann le bheith ag ithe bia beagmhaitheasa go rialta. Sampla de bhia beagmhaitheasa is ea mearbhia, sceallóga agus deochanna súilíneacha.
- Níos mó riosca galar croí
- Riosca diaibéitis
- Riosca a bheith murtallach anois nó níos déanaí sa saol
- Ailsí atá bainteach le bheith ag ithe iomarca saille agus siúcra
Céard is aiste bia chothrom ann?
Bíonn déagóirí ag fás go scioptha, mar sin tá sé tábhachtach go n-íosfaidh tú go maith ag an am seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh aiste bia déagóra cothrom. Ciallaíonn sé seo go mba cheart meascán de chineálacha difriúla bia a ithe uaidh na grúpaí bia difriúla ionas go mbeidh tú in ann an méid ceart de na cothaithigh éagsúla a fháil chun a bheith sláintiúil. Tugann an phirimid bhia treoirlínte faoin mbia is ceart a ithe.
Aclaíocht
Tá a fhios ag gach duine go bhfuil aclaíocht riachtanach le haghaidh saol sláintiúil. Daoine nach ndéanann aclaíocht ar bhonn rialta, tagann tinnis éagsúla orthu agus bíonn fadhbanna lena meáchan acu. Seo roinnt treoirlínte chun aclaíocht a dhéanamh agus coinneáil aclaí.
- Ba cheart aclaíocht a dhéanamh ar feadh 30 nóiméad sa lá. Ní gá go ndéanfadh tú an aclaíocht ar fad ag aon am amháin. D’fhéadfadh tú é a bhriseadh suas ina dhá chuid de 15 nóiméad.
- Ní gá go mbeadh an spórt a imríonn tú iomaíoch. Is féidir le haclaíocht a bheith i bhfoirm damhsa, snámha nó siúil.
- Nuair a bhíonn tú ag déanamh aclaíochta ba cheart bia atá saibhir ó thaobh carbaihiodráití de a ithe. Coinneoidh sé seo suas do leibhéal aclaíochta. Sampla de bhia atá saibhir ó thaobh carbaihiodráití de ná bananaí, oráistí agus ceapairí.
Obair sa Rang
Déan taighde sa rang faoin aclaíocht a dhéanann do chairde sa rang. Déan taighde ar an dá rud seo:
- An cineál aclaíochta a dhéanann siad agus
- An méid ama sa lá a chaitheann siad ag déanamh aclaíochta
Scéal Nuachta – Cosc ar fhógraíocht cáise?
Tá an Chomhairle Náisiúnta Déiríochta tar éis labhairt amach de bharr coisc a d’fheadfaí a chur ar fhógraíocht cáise toisc go bhfuil sé ráite go bhfuil na fógraí ag tabhairt comharthaí measctha faoin mbia do ghasúir agus déagóirí.
Labhair an Chomhairle Náisiúnta Déiríochta amach tar éis d’Údarás Craolacháin na hÉireann cód fógraíochta a mholadh.
Faoin chód seo, dhéanfaí cineálacha difriúla bia a rangú, agus chuirfí cosc ar fhógraíocht cáise le haghaidh ógánach faoi 18 bliain d’aois. Dhéanfaí é seo mar go mbreathnaítear ar cháis mar bhia nach bhfuil chomh sláintiúil sin.
Deir an Chomhairle Náisiúnta Déiríochta go ndéanfaí rangú ar cháis mar tháirge atá níos measa ó thaobh na sláinte de ná deochanna súilíneacha fiú.
Tá faitíos ar an Chomhairle Náisiúnta Déiríochta go mbeidh tionchar aige seo ar an eacnamaíocht agus nach mbeidh ógánaigh na hÉireann ag fáil na gcothaitheach, na mianraí agus an chailciam atá riachtanach le haghaidh fáis agus forbartha.
Gluais
Cothú – Nutrition
Aclaíocht – Excercise
Bia beagmhaitheasa – Junk food
Mearbhia – Fast food
Deoch shúilíneach – Fizzy drin
Cothaithigh – Nutrients
Galar croí – Heart disease
Diaibéiteas – Diabetes
Aiste bia chothrom – Balanced diet
Carbaihiodráit – Carbohydrate