Cairdeas

Cairdeas

De réir mar a théann muid tríd an saol cailleann muid teagmháil le sean-chairde agus déanann muid cairde nua. Déanann muid cairde ar bhealaí difriúla. Bíonn muid cairdiúil le daoine mar go mbíonn muid ag cónaí gar dóibh, mar go bhfuil muid gaolta leo nó mar go bhfuil suimeanna cosúla againn, m.s. spórt agus clubanna.

B’fhéidir go scaradh tú leis na cairde a rinne tú sa mbunscoil agus go ndéanfadh tú cairde sa meánscoil. Cailltear teagmháil le sean-chairde go minic freisin de réir mar a fhaigheann muid níos sine mar go mbíonn suimeanna difriúla againn anois ó na cairde a bhíodh againn.

Tréithe cara maith

  • Is féidir rud príobháideach a insint do chara maith.
  • Ní bhíonn cara maith in éad leat.
  • Ní labhraíonn cara maith fút taobh thiar de do dhroim.
  • Roinneann cara maith rudaí leat.
  • Bíonn cara maith ag iarradh an rud is fearr duit.