Ag tosú ar an meánscoil
Is athrú mór d’ógánaigh an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil. D’fhéadfadh sé bheith ina thréimhse spreagúil ach is féidir leis a bheith deacair ag cuid ógánach cleachtadh a fháil ar ábhair nua, múinteoirí nua, scoil nua agus cairde nua. Bíonn an t-athrú seo deacair ag roinnt ógánach agus mothaíonn siad brónach agus imníoch.
Chomh maith le hathrú scoile bíonn ógánaigh ag dul tríd athruithe eile ag an am seo ina saol:
- Athrú ar an gcorp
- Athrú ar na mothúcháin
- Níos mó freagrachta a bheith ort.
Má bhíonn sé deacair ort déileáil leis na rudaí seo tá sé tábhachtach do chuid mothúchán a chur in iúl do thuismitheoir, múinteoir nó cara.
Comhrá sa rang
Déan cur síos ar an dóigh a mhothaigh tú nuair a thosaigh tú ar an meánscoil.
Cairde nua
B’fhéidir nach ndeachaigh na cairde a bhí agat sa bhunscoil go dtí an mheánscoil chéanna. Bíonn sé deacair ar ógánaigh áirithe cairdeas a bhunú as an nua nuair a thosaíonn siad ar an meánscoil. Tá sé tábhachtach cairde a dhéanamh.
Seo a leanas noda ar conas cairde a dhéanamh ar an meánscoil:
- Déan iarracht gan a bheith cúthaileach. Labhair le daoine agus bí muiníneach asat féin.
- Bí cairdiúil trí gháire a dhéanamh, labhairt le gach duine agus a bheith cabhrach má theastaíonn cabhair ó dhuine.
- Glac páirt i ngníomhaíochtaí agus i bhfoirne. Tabhair cuireadh d’ógánaigh eile páirt a ghlacadh leat i ngníomhachtaí agus i bhfoirne.
- Cuimhnigh ar ainm daoine agus cuimhnigh ar na rudaí a bhfuil suim acu iontu.
- Pioc amach rudaí atá i gcoiteann agat leis an duine sin m.sh. b’fhéidir go mbeadh suim agatsa agus ag an duine eile sa chispheil.
- Éist le daoine eile. Má tá tú go maith ag éisteacht le daoine beidh tú in ann caidreamh níos fearr a chothú leo. Éisteann cara maith; taispeánann sé nach bhfuil tú leithleasach.
Gluais
tréimhse spreagúil – exciting period
mothúcháin – Feelings
noda – tips
cúthaileach – shy
coiteann – common
leithleasach – selfish