Ag glacadh suaimhnis

Maireann muid i sochaí a bhfuil leibhéal ard struis ann. Tá sé tábhachtach go nglacann muid suaimhneas. Léiríonn taighde go bhfuil ceangal láidir idir strus agus sláinte. Mura dtógann tú scíth cheart is féidir leis strus a chruthú. Is féidir le strus leanúint chuig galar meabhrach agus fisiceach. Caithfidh muid bainistíocht a dhéanamh ar ár saol ionas go mbeidh muid in ann méid ceart suaimhnis a ghlacadh. Tá bealaí éagsúla ag daoine éagsúla chun suaimhneas a ghlacadh, mar sin ba cheart duit teacht ar bhealach chun scíth a ghlacadh a oibríonn duitse. Samplaí de rudaí is féidir a dhéanamh chun suaimhneas a ghlacadh ná siúl, iascaireacht, damhsa, léamh nó féachaint ar an teilifís.

Déan anailís ar do chuid ama

Ba cheart anailís a dhéanamh ar cé mhéad ama a chaitheann tú ag déanamh gníomhaíochtaí difriúla gach seachtain. Tá an chairt seo a leanas úsáideach chun tomhais a dhéanamh ar an am a chaitheann tú ag déanamh gníomhaíochtaí éagsúla.

chart

Obair sa rang

Déan cairt don am a chaitheann tú ag déanamh gníomhaíochtaí faoi leith i rith na seachtaine agus an deireadh seachtaine. Níl gá go mbeadh 24 uair an chloig san áireamh san amchairt. Níl gá gníomhaíochtaí cosúil le taisteal agus ithe a chur san áireamh. Tabharfaidh amchairt cosúil leis seo cúnamh duit anailís a dhéanamh ar cé mhéad ama a chaitheann tú ag obair agus ag tógáil scíthe.

Plé sa Rang :

Roinn leis an rang na bealaí is deise leat chun scíth a ligean.

Gluais

ag glacadh suaimhnis – relaxing

galar meabhrach agus fisiceach – mental and physical illness

scíth – rest

anailís – analysis

gníomhaíochtaí – activities