Ceacht 1
ROINN 111
Trialacha Teanga Comhthéacsúla ( 20 marc )
Ceist 2.
A (10 marc)
Bhí Treasa ag an scannán Life of Pi sa phictiúrlann le déanaí. Chum sí cuntas ar an scannán ina dialann d’iris na scoile ach ba san aimsir fháistineach a bhí an chuid ba mhó de scríofa aici. Nuair a chuaigh sí abhaile chuaigh sí siar ar an gcuntas arís aguschuir sí líne faoi na briathra. Ansin scríobh sí an cuntas arís san aimsir chaite.
Scríobh an cuntas a chum Treasa san Aimsir Chaiteagus athraigh na focail a bhfuil líne fúthu i do chóipleabhar. Is mar seo a leanas a thosaigh Treasa:
“Chuaigh mé féin agus mo chairde go dtí an phictiúrlann oíche Dé hAoine . . .”
Rachaidh mé féin agus mo chairde go dtí an phictiúrlann oíche Dé hAoine. Beidh an áit plódaithe le daoine óga. Nuair a thosóidh an scannán titfidh ciúnas ar an áit.
Cuirfidh an scannán gach éinne faoi gheasa. Scannán iontach ba ea é. Cloisfidh mé daoine ag gol agus ag gáire agus iad ag féachaint ar an scannán. Bainfidh mé féin agus mo chairde an-sult go deo as.
B (10 marc)
Abairtí as peannphictiúr atá anseo thíos. Is tusa Breandán. Athscríobh na habairtí i do chóipleabhar agus líon na bearnaí leis an bhfocal (na focail) is oiriúnaí agus scríobh an leagan ceart de na focail/figiúirí atá idir lúibíní.
Sampla
Táim (14) ……………………………….d’aois.
Táim ceithre bliana déag d’aois.
Samplaí
(i) Beidh breithlá mo dheirféar ar an (28)……………………. De Lúnasa.
(ii) Thit sé …………. Chathaoir ar an urlár.
(iii) Tá Caitlín go hálainn ach tá Rita i bhfad níos ………………. ná í.
(iv) Bhain sí ………….. a chóta agus d’fhág ar an bord é.
(v) Tá an teach sin suite ar thaobh ……………………..
(a) an bóthar (b) an mbóthar (c) an bhóthair (d) an bóithre