Oileán Beannaithe Phádraig
Páipéar 11 ROINN 1 Prós Liteartha (30 marc)
Ceist 1 Léigh an sliocht seo agus freagair trí cinn de na ceisteanna a ghabhann leis.
Ní mór ceist amháin a roghnú as A agus ceist amháin a roghnú as B.
Is féidir an tríú ceist a roghnú as A nó B. Ní gá níos mó ná leathanach a scríobh.
Bíodh na freagraí i d’fhocail féin, chomh fada agus is féidir leat. (15 mharc)
Oileán Beannaithe Phádraig
1.I nDeisceart Dhún nan Gall tá loch beag a bhfuil clú agus cáil air, ní amháin ar fud na hÉireann, ach ar fud an domhain mhóir. Loch Dearg a thugtar air. A shárú de loch ar chiúnas agus ar uaigneas ba dheacair a fháil ar dhroim an domhain. Ar gach taobh de, nach mór, tá sléibhte sceirdiúla creagacha, gan aon rud ag fás orthu ach fraoch agus aitinn. Níl fuaim ar bith le cloisteáil ach ceol na bhfuiseog agus scréach an chrotaigh. I lár an locha sin tá oileán beag ar a bhfuil teampall álainn, agus tithe ósta chun dídean agus foscadh a thabhairt do na daoine a thagann ar oilithreacht ann gach bliain.
2.Deirtear gur chaith Pádraig tamall fada ag paidreoireacht agus ag déanamh troscaidh ar an oileán, agus gur ann a chuir sé deireadh le cumhacht na ndraoíthe agus na ndéithe págánacha in Éirinn. An t-am sin bhí pluais mhór ar an oileán, agus is sa phluais sin a rinne na diabhail an troid dheireanach in aghaidh bhunú na Críostaíochta in Éirinn. Faid a bhí Pádraig ar an oileán chonaic sé i bhfís Purgadóir agus na hanamacha a bhí ag fulaingt ann. Uaidh sin agus ón méid a d’fhulaing Pádraig féin ann is ea a fuair an t-oileán a ainm – Purgadóir Phádraig.
3.Tamall beag i ndiaidh bás Phádraig chuaigh dream de mhanaigh Éireannacha chun cónaí ar an oileán, agus tá iarsmaí a gcuid cillíní le feiceáil ann fós. Timpeall an ama chéanna thosaigh daoine ag teacht ar oilithreacht ann. Diaidh ar ndiaidh chuaigh líon na n-oilithreach i méad go dtí go raibh siad ag teacht ina mílte. Sa mheánaois tháinig prionsaí agus scoláirí agus daoine mórchlúiteacha eile ar oilithreacht go dtí an t-oileáinín beannaithe, agus de réir gach cosúlachta fuair siad síocháin agus sólás spioradálta ann nach bhfuair siad in aon áit eile.
4.Nuair a cuireadh na Péindlithe i bhfeidhm in Éirinn rinne na Sasanaigh a lán iarrachtaí ar dheireadh a chur leis an oilithreacht ach theip orthu i ngach iarracht díobh. Arís agus arís eile leagadh an teampall agus na tithe eile agus cuireadh stop leis an oilithreacht go ceann tamaill, ach chomh luath agus a tháinig maolú ar an ngéarleanúint tógadh arís iad agus thosaigh na hoilithrigh ag teacht ina gcéadta agus ina mílte. Deirtear nach bhfuil aon oilithreacht eile ar domhan inchurtha le Loch Dearg ar dhéine.
5.Bíonn ar na hoilithrigh troscadh trí lá a dhéanamh. Bíonn orthu lá agus oíche iomlán a chaitheamh gan chodladh. Ní bhíonn cead acu bróga ná stocaí a chaitheamh fad a bhíonn siad ar an oileán. Bíonn orthu aifreann a éisteacht gach maidin, a lán paidreacha a rá, Turas na Croise a dhéanamh agus mar sin de. D’ainneoin sin is uile tagann breis agus tríocha míle oilithreach go dtí an t-oileán gach bliain idir an chéad lá de Mheitheamh agus an 15ú lá de Lúnasa. Orthu sin bíonn easpaig agus sagairt, daoine saibhre agus daoine bochta, seandaoine agus daoine óga. Filleann a lán de na daoine seo ar Loch Dearg, an t-oileáinín beannaithe i nDeisceart Dhún na nGall, arís an bhliain dar gcionn.
Ceisteanna (iad ar cómharc)
A (Buntuiscint)
- (i)Déan cur síos gairid ar LochDhá phointe. (Alt 1)
- (ii)Cén ceangal atá ag Naomh Pádraig leis an oileán, de réir an tseanchais? Dhá phointe (Alt 2)
- (iii)(a)Déan cur síos ar an gceangal atá ag na Péindlithe leis an oileán. Pointe amháin. (Alt 4)
(b) ‘Deirtear nach bhfuil aon oilithreacht eile ar domhan inchurtha le Loch Dearg ar
dhéine.’
Tabhair sampla amháin den ‘déine’ sin. (Alt 5)
B (Léirthuiscint Ghinearálta)
- (i) Luaigh dhá thréith, dar leat, a bhaineann leis an bpíosa scríbhneoireachta atá sa sliocht seo, dar leat. I gcás ceann amháin den dá thréith sin tabhair píosa eolais ón téacs a léiríonn an tréith sin.
- (ii) ‘Filleann a lán de na daoine seo ar Loch Dearg, an t-oileáinín beannaithe i nDeisceart Dhún na nGall, arís an bhliain dar gcionn.’ Cad chuige go dtarlaíonn sé seo, dar leat? (Is leor dhá phointe i do fhreagra.)
- (iii) Ar thaitin an sliocht seo leat? Is leor dhá chúis a lua i do fhreagra.