Triail Léamhthuisceana-AISTRIÚ

Triail Léamhthuisceana-AISTRIÚ

Triail Léamhthuisceana (20 marc)

Léigh an píosa iriseoireachta seo (bunaithe ar ailt sna nuachtáin) agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis. Bíodh na freagraí i d’fhocail féin, chomh fada agus is feidir leat.

AISTRIÚ!

1.  ’Cad a dhéanfá dá mbuafá an Crannchur Náisiúnta?’ an cheist a chuir mo mhac óg ormsa ar na mallaibh. Chaith mé tamall ag machnamh agus ansin arsa mise leis: ‘Cheannóinn teach nua! Sin a dhéanfainn.’ D’fhéach sé orm amhail is dá mba gealt as ifreann mé. ‘Agus cad a dhéanfá leis an teach seo ansin?’ ‘Dhíolfainn é, a mhac, agus cheannóinn ceann mór galánta i bhfad ón áit seo.’ Tháinig athrú tobann ar aoibh mom hic. D’fhéadfainn na deora a fheiscint ag bailiú ina shúile. Gan choinne phléasc an garsún beag amach ag gol.

2.  Ansin tháinig taom obann feirge air. Bhí sé le ceangal i ndáiríre. Bhreathnaigh sé timpeall air go fiáin. Ansin rug sé ar an gclog mór a bhí ar an matal taobh leis agus raid sé trí scáileán na teilifíse é. Suas an staighre leis agus cochall feirge air. Isteach ina sheomra codlata leis agus phlab sé an doras ina dhiaidh agus chuir an glas air. D’fhéadfainn é a chlos go soiléir agus gach cic á thabhairt aige don vardrús.

3.  Rinne mé iarracht é a mhealladh amach as an seomra. Gheall mé dó go dtabharfainn go McDonalds é. Bhí sé fuar agam. Freagra ní bhfuair mé uaidh ach chuala mé é ag pusaíl ghoil trí pholl na heocrach. B’éigean dom é a fhágáil ann agus imeacht anuas go dtí an chistin. D’fhan sé ina sheomra go ceann seachtaine. D’fhág mé na béilí ag an doras agus shleamhnódh sé amach ó thráth go chéile agus d’íosfadh sé iad.

4.  Maidin amháin chuala mé a choiscéimeanna ar an staighre. ‘Ba mhaith liom dreas cainte a bheith agam leat,’ ar seisean liom, ‘tá sé thar am againn suí síos agus an rud seo a phlé.’ Dúirt mé leis nach raibh sé i gceist agam an teach ina rabhamar a dhíol, fiú dá mbuafainn an Crannchur Náisiúnta faoi thrí. Nuair a chuala sé an méid sin uaim, chuir sé a dhá lámh timpeall orm agus phóg mé go ceanúil. Ón lá sin amach is é mo mhac an cara is fearr atá agam.

5.  Maidir le haistriú tí, ní dhéanfainn é ar ór nó ar airgead. Ní bheadh fonn dá laghad orm a thuilleadh bogadh ón áit ina bhfuilimid. Thógfadh sé mí orm seomra amháin a fholmhú gan trácht ar sheomra is fiche! Chomh maith le sin tá ár bpréamhacha go doimhin sa chré anseo agus laethanta leanbhaíochta mo mhic sáite san áit. A chairde go léir timpeall air. Is ionann an teach seo agus cliabhán dó. Agus cad a dhéanfainn dá rachadh sé isteach ina sheomra arís ar feadh míosa nó bliana an babhta seo!

Ceisteanna (iad ar cómharc)

(i) (a) Conas a d’fhéach an buachaill ar a dhaid?

      (b) Cad chuige ar thosaigh sé ag gol?

(ii) Cá bhfios dúinn go raibh fearg ar an mbuachaill? (Dhá phointe)

(iii) (a) Cén geallúint a thug an t-údar dá mhac?

      (b) Cad a rinne an t-údar leis na béilí faid a bhí a mhac ina sheomra?

(iv) (a) Cad a chuala an t-údar maidin amháin?

      (b) Cad a rinne an buachaill nuair a dúirt an t-údar nach raibh sé chun an teach a

dhíol?

(v) (a) Luaigh fáth amháin nach ndíolfadh an t-údar an teach.

      (b) An gceapann tú gur alt magúil atá san alt seo? Cuir fáthanna

      le do thuairim. (Is leor dhá fháth.)