Réalta ó RTÉ mar aoi ag Seó Faisin an Chlocháin
Réalta ó RTÉ mar aoi ag Seó Faisin an Chlocháin
le hÁine Ní Chuaig
Is í Mary Kennedy ó RTÉ a bheidh iláthair mar aoi speisialta ag SeóFaisin an Chlocháin i mbliana. Tá oíche mhór geallta in AmharclannStation House ar an mbaile mór inIarthar Chonamara, don Satharn 12Samhain ag 8.00in. Tá an ócáid áheagrú ag Comhlachas TráchtálaChonamara i gcomhar le brainseáitiúil Naomh Uinseann de Pól imbliana (SVDP). “Is iontach an rud é go bhfuilmuid in ann airgead a bhailiú lehaghaidh Naomh Uinseann de Pólagus go gcabhróidh sé seo le daoineinár gceantar féin,” a deir Joe Lynch,Cathaoirleach Clifden Retail Group.“Tá súil againn freisin nuair a fheicfidhan lucht féachana an stíl agusan rogha mhór earraí atá ar fáil snasiopaí áitiúla go spreagfaidh sédaoine le hairgead a chaitheamhsna siopaí áitiúla nuair atá said agsiopadóireacht le haghaidh am Nollag,”a deir an tUasal Lynch.Braitheann SVDP ar shíntiúischarathanúla agus ar oibrithedeonacha chun cabhrú le daoine atái gcruachás i gceantar Chonamara. Deir urlabhraí ó bhrainse áitiúilSVDP Chonamara, “Tá áthas orainngo bhfuilimid ag fáil tacaíochta ónSeó Faisin, agus tá súil againn go néireoidhleis an oíche.”€10 atá ar na ticéid don ócáid agus tá siad ar fáil sna siopaí Gannon’s,Hehir’s & Millar’s sagClochán. Tá tuilleadh eolais le fáilag an nascwww.visitconnemara.com/specialoffersnó ar an leathanach Facebook Clifden-Shopping.
Ceisteanna
- Cé a bheidh mar aoi speisialta ag seó faisin an Chlocháin?
- Cén uair a bheidh an seó faisin ar siúl?
- Cé atá ag eagrú na hócáide?
- Céard a bhí le rá ag Joe Lynch?
- Cén rud a mbíonn SVDP ag brath air chun cabhrú le daoine i gcruachás i gConamara?
- Cé mhéad a chosnaíonn ticéad?
- Cá bhfuil tuilleadh eolais le fáil?