Muintir Cheatharlach ag ceiliúradh in 2012
Muintir Cheatharlach ag ceiliúradh in 2012
BEIDH muintir Cheatharlach ag ceiliúradh tríocha bliana d’oideachas trí mheán na Gaeilge in 2012. Bunaíodh Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc le fiche naíonán ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair 1982 agus thosaigh Gaelcholáiste Cheatharlach in 1990
le deichniúr dalta. Faoi láthair, tá beagnach 500 dalta ag freastal ar an mbunscoil lán-
Ghaeilge agus tá 335 dalta san iarbhunscoil. Tá beagnach seasca múinteoir ag obair idir an dá scoil.
Táthar ag súil le ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid le teacht le chéile na n-iarscoláirí go léir chomh
maith le tuismitheoirí agus múinteoirí na scoileanna ar Dhomhnach Cásca, i mí Aibreáin 2012, i rith na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl i gCeatharlach ó 10-15 Aibreán.
Ceisteanna :
- Cé mhéad bliain d’oideachas trí mheán na Gaeilge a bhfuil muintir Cheatharlach ag déanamh ceiliúrtha orthu?
- Cé mhéad dalta atá ag freastal ar an bhunscoil lán-Ghaeilge?
- Cé mhéad dalta atá ag freastal ar an iar-bhunscoil?
- Cén uair atáthar ag súil ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid?