Mar a Fuair Éire a hAinmneacha
Páipéar 1 / ROINN 11
LÉAMHTHUISCINT
Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Mar a Fuair Éire a hAinmneacha
Fadó, fadó bhí triúr rí agus triúr banríon ar Thuatha Dé Danann. Banba, Fodhla agus Éire ab ainm do na banríonacha.
Casadh Banba ar mhic Mhíle ag Sliabh Mis i gCiarraí. Bhí fear darbh ainm Aimhirgin ina fhile agus ina fhear friotail do mhic Mhíle. Labhair sé leis an mbanríon agus d’fhiafraigh di cad ab ainm di. “Banba,” ar sise, “agus is ó m’ainmse a ghairtear Banba den tír seo.” D’iarr sí orthu a hainm a fhágáil ar an tír i gcónaí agus gheall siad sin di.
Ghluais mic Mhíle rompu isteach nó gur shroich siad sléibhte Eibhlinne sa chúinne thoir thuaidh de Chontae Luimnigh. Casadh an dara banríon ansin orthu. D’fhiafraigh Aimhirgin di freisin cad ab ainm di. “Fodhla,” ar sise, “agus is ó m’ainmse a ghairtear Fodhla den tír seo.” D’iarr sí orthu a hainm a fhágáil ar an tír i gcónaí agus gheall siad sin di.
Ansin ghluais na hiontróirí go lár na hÉireann agus níor stad siad gur tháinig siad go cnoc mórchlúiteach Uisnigh i lár na hIarmhí, naoi míle ar an taobh thiar den Mhuileann Cearr. Casadh an tríú banríon ansin orthu. Labhair Éire leo agus dúirt: “Fáilte romhaibh, a laochra. Is fada riamh a rinneadh tairngreacht ar bhur dteacht. Is libh an t-oileán seo go brách na breithe. Níl a shárú d’oileán ar thalamh an domhain. Ní bheidh cine ar bith níos fearr ná bhur gcine.”
“Is maith é sin,” arsa Aimhirgin.
“Achainí agam oraibh, a mhaca Mhíle,” arsa Éire, “gurb é m’ainmse a bheidh ar an oileán seo.”
“D’ainmse is mó a bheidh air go brách na breithe,” arsa Aimhirgin, “an t-ainm Éire.”
Gluais:
fear friotail – fear cainte,
urlabhraí; tairngreacht –
fáistine /prophecy;
cine – treibh, muintir.
Ceisteanna
(i) Cérbh iad an triúr banríon?
(ii) Cérbh é Aimhirgin?
(iii) Cad d’iarr Banba ar mhic Mhíle?
(iv) Cá bhfuil sléibhte Eibhlinne?
(v) Cérbh í an dara banríon?
(vi) Cá bhfuil cnoc mórchlúiteach Uisnigh?
(vii) Breac síos dhá rud a dúirt Éire leo.
(viii) Cén achainí a bhí ag Éire ar mhic Mhíle?
(ix) Cén freagra a thug Aimhirgin ar a hachainí?
(x) Aimsigh dhá shampla den Tuiseal Ginideach, Uatha, sa sliocht seo.